Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh, tháinig na daill chuige: agus adubhairt Íosa leo, An gcreideann sibh go bhfuil ar chumas dom an nidh seo do dhéanamh? Adubhradar‐san leis, creidimíd, a Thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Nuair a chuaigh sé isteach sa teach, tháinig na daill go dtí é; agus dʼfhiafraigh Íosa díobh, “An gcreideann sibh gur féidir liom sin a dhéanamh?” Dúirt siad leis, “Creidimid é, a Thiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus nuair a tháinic sé go dtí an teach, tháinic na daill chuige. Agus deir Íosa leo: An gcreideann sibh go dtig liom seo a dhéanamh díbh? Deir siad leis: Creidimíd, a Thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus an tráth tháinic sé a sdeach do tigh, tangadar na doill chuighe: agus a deir Iósa ríu, An gcreidthí gur ab eídir leamsa so do dhéanamh? A deirid siádsan ris, Creidmíd, a Thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:28
14 Tagairtí Cros  

An lá céadna sin do chuaidh Íosa amach as an tigh, agus bhí sé ’n‐a shuidhe ar bhruach na fairrge.


Annsin d’fhág sé na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach sa tigh: agus tháinig a dheisceabail chuige, g‐á rádh, Mínigh dhúinn samhlaoid an chogail sa ngort.


Agus ní dhearna sé mórán míorbhal san áit sin mar gheall ar a ndíthchreideamh.


Agus nuair tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair, do chonnaic sé máthair a chéile ’n‐a luighe, agus fiabhras uirthi.


Agus féach, tháinig lobhar chuige, agus do shléacht sé dhó, g‐á rádh, A Thighearna, má’s áil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh.


Acht do chas Íosa, agus nuair do chonnaic sé í, adubhairt sé, Bíodh meisneach agat, a inghean; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach.


Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi.


Annsin do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus adubhairt sé, Go ndéantar daóibh de réir bhúr gcreidimh.


agus cibé mhaireas agus chreideas ionnam‐sa ní bhfaighidh sé bás go deoidh. An gcreideann tú sin?


Adubhairt Íosa léi, Nach ndubhras leat, má chreideann tú, go bhfeicfir glóir Dé?


Do bhí an duine seo ag éisteacht le Pól ag cainnt: agus nuair do dhearc seisean go grinn air, agus thug sé fá deara go raibh creideamh chum a shlánuighthe aige,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí