Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus nuair do cuireadh amach an deamhan, do labhair an balbhán: agus do‐rinne na sluaighte iongnadh dhe, agus deiridís, Ní facthas a leithéid sin riamh i nIsrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Agus nuair a bhí an deamhan caite amach, labhair an balbhán; agus rinne na sluaite iontas de, agus dúirt siad, “Ní fhacthas a leithéid in Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Agus nuair a teilgeadh amach an deamhan, labhair an duine balbh, agus ghabh iongantas na sluaighte, gur dhubhairt: Ní fhacthas a leithéidh ariamh i n-Israél.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus tar éis an deamhan do theilgean a mach, do labhair an balbhán: agus do ghabh iongantas an pubal, ag rádh, Ní bhfacas a leithéide so a Níosrael ríamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus nuair a cuireadh amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a leithéid sin riamh i n-Israél.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Agus nuair a bhí an deamhan caite amach as, tháinig a chaint don duine balbh, agus rinne na sluaite ionadh de agus dúirt siad: “Ní fhacthas a leithéid seo in Iosrael riamh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:33
12 Tagairtí Cros  

Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin.


Agus ag imtheacht dóibh, féach, tugadh chuige balbhán ’n‐a raibh deamhan.


Agus d’éirigh seisean ar an láthair, agus do thóg sé a leaba, agus d’imthigh sé amach i bhfiadhnaise a raibh ann; i dtreo go raibh uathbhás ortha uile, go dtugadar glóir do Dhia, agus iad ’g‐a rádh, Ní fhacamar a leithéid seo riamh.


Agus do bhí sé ag caitheamh deamhain do bhí balbh amach. Agus tharla, nuair do bhí an deamhan imthighthe amach, gur labhair an balbhán; agus do‐rinne an sluagh iongnadh dhe.


Agus nuair do‐chuala Íosa an méid sin, ba iongnadh mór leis é, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an sluagh do bhí g‐á leanamhain, Adeirim libh, Nach bhfuaras an oiread sin creidimh i nIsrael féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí