Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus ní chuireann aon duine preabán d’éadach nua ar shean‐bhrat; óir baineann sé a lán féin as an éadach, agus is measa‐de an sracadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Mar ní chuireann duine ar bith píosa neamh-chraptha ar sheanéadach, nó imíonn an paiste den éadach, agus is measa an stróiceadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Ní chuireann aoinneach paiste de éadach úr ar shean-cheirteach: óir baineann sé a lán féin de’n cheirteach, agus bíonn an strócadh níos measa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus ní chuireann duine ar bith preaban déudach gan chórughadh air sheinéadach, óir beanuidh sé a lán féin as a néadach, agus do neíthear an briseadh ní is measa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Ní chuireann aoinne preabán d’éadach nua ar sheana-bhalcais éadaigh; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaigh, agus bíonn an stracadh níosa mheasa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Ní chuirfeadh aon duine preabán mʼéadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Ní chuirfeadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:16
11 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh.


Agus ní chuireann daoine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: má chuireann, pléascthar na buidéil, agus doirtear amach an fíon, agus cailltear na buidéil: acht cuireann siad fíon úr i mbuidéalaibh úr‐nua, agus sábháltar iad araon.


Ní fhuaghann aon duine giota d’éadach nua ar shean‐bhrat: má fhuaghann, bainfidh an preabán nua cuid de’n tsean‐éadach dhe, agus is measa‐de an stróic é.


Agus adubhairt sé leo tré shamhlaoid: Ní stiallann aoinneach preabán de bhrat nua chum sean‐bhrat do dheishiú; óir stiallfaidh sé an t‐éadach nua, agus ní oirfidh an preabán do baineadh ó’n éadach nua do’n tsean‐éadach.


Is iomdha nidh eile atá agam le rádh libh fós, acht ní fhuil ar chumas daoibh a fhulang anois. Acht cheana,


Anois fanann na trí neithe seo, an creideamh, an dóchas agus an grádh: acht an nidh is mó díobh is é an grádh é.


Óir ní h‐é amháin go bhfóireann miniostrálacht an chonganta so ar riachtainisibh na naomh, acht leanann mórán buidheachais do Dhia d’á bhárr;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí