Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus nuair thug Íosa fá ndeara na smaointe do bhí aca, adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag smaoineadh go h‐olc i n‐bhúr gcroidheachaibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ach ba léir dʼÍosa na smaointe a bhí ina gcroíthe, agus dúirt sé, “Cad chuige a mbíonn na drochsmaointe seo agaibh in bhur gcroíthe?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ar fheiceáil a smaointe do Íosa, dubhairt sé: Cad chuige a bhfuil droch-smaointe agaibh i bhur gcroidhthe?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus an tan do chunnairc Iósa a smúaintighthe a dubhairt sé, Créud fá smúaintighthisi uilc ann bhur gcroidhthibh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus ó chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh agaibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:4
24 Tagairtí Cros  

Agus b’eol dó‐san a smaointe, agus adubhairt sé leo, Gac ríoghacht atá deaghailte innti féin, bascthar í; agus gach cathair nó líon tighe atá deaghailte i gcoinnibh a chéile, ní sheasfaidh sé:


An dtiubhraimíd i, nó nach dtiubhraimíd? Acht d’aithin seisean a gcealg, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm? tabhraidh pinginn chugam go bhfeicead í.


Agus ar an láthair, ar n‐a fheiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an machtnamh do bhi ’n‐a n‐aigne aca, adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheit ag machtnamh mar sin i n‐bhúr gcroidheachaibh?


Acht do b’eol dó a smaointe, agus adubhairt sé leo, Gach ríoghacht atá deighilte ’n‐a coinnibh féin, téigheann sí chum donachta; agus líon tighe atá deighilte i gcoinnibh lín tighe, tuiteann sé.


Acht ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo. Cad chuige dhaoibh bheith ag ceasnú i n‐bhúr gcroidhthibh?


Acht d’aithnigh seisean a smaointe; agus adubhairt sé le fear na láimhe seargtha, Éirigh id’ sheasamh, agus seas i lár baill.


Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, A Shíomóin, atá focal agam le rádh leat. Agus adubhairt seisean, Abair leat, a Mháighistir.


Ní thuigimíd an chainnt sin aige. Do bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo ceist do chur air, agus adubhairt sé leo, An bhfuil sibh ag ceistiú eadraibh féin fá go ndubhairt mé, Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus chífidh sibh mé?


Atá a fhios againn anois gur ab eol duit an uile nidh, agus nach gábhadh dhuit aon duine bheith gad’ cheistiú: creidimíd d’á bhrigh sin go dtáinig tú amach ó Dhia.


Adubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, A Shíomóin Eoin, An ionmhain leat mé? Do ghoill sé ar Pheadar go ndubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, An ionmhain leat mé? Agus adubhairt sé leis, A Thighearna, is eol duit an uile nidh; atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt Íosa leis, Beathuigh mo chaoirigh.


Acht, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a dheiseabail ag cannrán ’n‐a thaobh so, adubhairt sé leo, An bhfuil sin ’n‐a chás oraibh?


Acht atá cuid agaibh nach gcreideans. Óir do bhí a fhios ag Íosa ó thosach cia’rbh iad nár chreid, agus cia’rbh é do bhí chum é do bhraith.


Annsin adubhairt Peadar léi, Caidé thug oraibh, beirt, fromhadh do thabhairt ar Spiorad an Tighearna? féach, atá cosa na ndaoine d’adhlaic t’fhear ag an doras, agus tógfaidh siad thusa amach.


Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí