Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus féach, adubhairt cuid de na scríobhaidhthibh ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐mhasladh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus bʼshiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus féach, dubhairt cuid de na Scríobhaidhthe leo féin: Tá diamhasla dá dhéanamh aige seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus, féuch, a dubhradar cuid airighe dona sgríobaighibh ionta féin, Atá an fearso a labhairt blaspheime.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus féach, dubhairt cuid des na sgríbhneóiríbh, ’n-a n-aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d’á dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:3
13 Tagairtí Cros  

Annsin do réab an t‐árd‐shagart a éadaighe, agus adubhairt, Dia‐mhasladh atá déanta aige: créad é an gábhadh atá againn le n‐a thuilleadh fiadhnaidhthe? Féach, do‐chualabhar anois an dia‐mhasladh: créad do‐chítear daoibh?


óir do theagaisc sé iad amhail duine ag a raibh ughdarás, munarbh ionann agus na scríobhaidhthe.


Do‐chualabhar an dia‐mhasladh: créad do‐chítear dacibh? Agus adubhradar‐san d’aon ghuth go raibh bás tuillte aige.


Go fírinneach adeirim libh, Maithfear do chlannaibh daoine a bpeacaidhe go léir, agus gach dia‐mhasladh d’á ndéanfaid:


acht cibé duine adéaras dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh seisean maitheamhnas choidhche, acht béidh sé cionntach i bpeacadh síorraidhe;


Óir is ó’n taobh istigh, amach as croidhe an duine, thig droch‐smaointe, agus striapachas, agus goid, agus dúnmharbhadh,


Agus do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar cheasnú, agus iad g‐á rádh, Cia h‐é seo atá ag labhairt dia‐mhasla? Cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh, acht Dia amháin?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí