Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 9:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus, féuch, a dubhradar cuid airighe dona sgríobaighibh ionta féin, Atá an fearso a labhairt blaspheime.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus bʼshiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus féach, dubhairt cuid de na Scríobhaidhthe leo féin: Tá diamhasla dá dhéanamh aige seo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus féach, adubhairt cuid de na scríobhaidhthibh ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐mhasladh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus féach, dubhairt cuid des na sgríbhneóiríbh, ’n-a n-aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d’á dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:3
13 Tagairtí Cros  

Agus an té scannluigheas ainm an TIGHEARNA, cuirfighear go deimhin chum bais é, agus clochfuid an comhchruinniughadh go dearbhtha é: comhmaith an coimhidheach, agus an té beurthar annsa tír, a nuáir mhaisleochus sé ainm an TIGHEARNA, cuirfíghear chum báis é.


¶ Achd an tanam do ní éainní go handóthchusach, más don tír é, nó coimhidhtheach, scannluigh sé an TIGHEARNA; agus gearrfhuighear an tanamsin as lár a dhaóine.


Ann sin do réub an tárdshagart a éaduighe, ag rádh, Gur labhair sé blaisphéime; créd í a nuireasbhuidh fiadhnuisi a tá oruinn ní sa mo? féuch, do chúalabhair a nois a bhlaisphéime.


Oír do thegaisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe.


Do chúalabhair an bhlaisphéíme: créd dó cíthear dháoibhsi? Agus rugadarsan uile breith na aghuidhsean gur thuill sé bás.


A deirim ribh go fírinneach, Go maithfithear na huile pheacadh do chlannuibh na ndáoine, agus gach blaisphéime dá laibhéoruid:


Achd gidh bé déaras blaispheíme a naghaidh an Spioraid Náoimh, ní fhághann sé maithfeachus choidhche, achd atá sé cionntach ón bhreitheamhnus shiorruighe:


Oir is ón táobh a sdigh, ó chroidhe na ndáoine, thigid na drochsmúaintighe, adhaltrannas, sdríopachus, dúnmharbhtha,


Agus thionnsgnadar na sgríobuidhe agus na Phairisinigh diosbóireachd do dhéanamh, ag rádh, Créd é an fearsa labhras blaisphéimighe? Cía fheúdus peacuigh do mhaitheamh, achd Día ná áonar?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí