Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus féach, dubhairt cuid des na sgríbhneóiríbh, ’n-a n-aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d’á dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus bʼshiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus féach, dubhairt cuid de na Scríobhaidhthe leo féin: Tá diamhasla dá dhéanamh aige seo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus féach, adubhairt cuid de na scríobhaidhthibh ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐mhasladh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus, féuch, a dubhradar cuid airighe dona sgríobaighibh ionta féin, Atá an fearso a labhairt blaspheime.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:3
13 Tagairtí Cros  

Ansan do strac an t-árdshagart a cuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla:


Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh duine go raibh cómhacht aige, murar bh’ionan agus na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh.


D’airigheabhair an diamhasla: cad a chítear daoibh? Agus dubhradar go léir go raibh bás tuillte aige.


Go deimhin adeirim libh, maithfar do’n chine daona gach peacadh agus gach diamhasla d’á ndéanfaid siad;


Ach an t-é a dhéanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maitheamhnachas go deó aige le fághail, ach beidh sé ciontach i bpeacadh shíoruidhe.


Óir is ó’n dtaobh istigh, amach a’ croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmharbhadh,


Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann diamhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí