Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus bʼshiúd iad ag iompar pairilisigh chuige, agus é ina luí ar a leaba; agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “Tóg suas do chroí, a mhic; tá do pheacaí maite.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus féach, thug siad chuige duine a raibh galar creathach air, agus é sínte ar leabaidh. Agus ar fheiceáil a gcreidimh do Íosa, dubhairt sé leis an fhear a raibh an galar creathach air: Bíodh misneach agat, a mhic, tá do pheacaidhe maithte duit.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus, féuch, tugadar fear pairilise, na luighe air a leabaidh chuighe: agus an tan do chunnairc Iósa a gcreideamh a dubhairt sé re fear na pairilisi; Biódh muinighin mhaith agad a mhic; ataid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! Tá do pheacaí maite.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:2
32 Tagairtí Cros  

Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.


Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh.


Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.


Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n-a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte;


D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.


Cé ’cu is usa a rádh, Tá do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh, Eirigh agus siúbhluigh?


Ach ionus go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómhacht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin.


Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian fé, thugadar ag triall air gach aoinne a bhí as a shláinte agus gach aoinne go raibh deamhan ann.


Agus do stad Íosa, agus dubhairt sé glaodhach ar an nduine. Agus ghlaodhadar ar an ndall agus dubhradar leis: Glac misneach; eirigh; Tá sé ag glaodhach ort.


Agus dubhairt seisean léi: A ’nghean ó, do shlánuigh do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bí slán ó’n ngearán.


Óir do chonacadar go léir é, agus bhí sgannra ortha. Agus do labhair sé leó láithreach agus dubhairt: Glacaidh misneach; mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh.


Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh síothchain agaibh ionam-sa. Beidh trioblóid sa tsaoghal agaibh; ach glacaidh misneach, tá buaidhte agam-sa ar an saoghal.


Agus toisg gan aon ghádh bheith aige le teistiméireacht ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a bhí sa duine.


Agus dubhairt Íosa leó: An bhfuil aon bhia agaibh, a bhuachaillí? D’fhreagradar: Ní’l.


Agus dubhairt sé do ghuth árd: Eirigh ad sheasamh ar do chosaibh! Agus do léim sé ’n-a sheasamh agus shiúbhluigh sé.


i dtreó go mbeirtí chun na ndaoine mbreóite, ó n-a cholainn, ciarsúirí agus aprúin, agus go n-imthígheadh an bhreóiteacht díobh, agus go n-imthígheadh na deamhain asta


An oidhche ’n-a dhiaidh san do sheasaimh an Tighearna láimh leis agus dubhairt se: Bí seasamhach! Fé mar atá fiadhnuise déanta agat ormsa i n-Ierúsalem caithfir fiadhnuise déanamh orm sa Róimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí