Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus féach, tháinig bean, ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus do chuimil sí le fabhra a bhrait: óir adubhairt sí ’n‐a h‐intinn fein,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Agus bʼshiúd bean a mbíodh rith fola uirthi i rith dhá bhliain déag a tháinig aníos ar a chúl amach agus a leag méar ar fhrainse a fhallainge;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus féach, tháinic bean, a raibh cur fola ag goillstin uirthí le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus bhain sí le feaithim a éididh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 (Agus, féuch, tháinic bean, ar a raibh dórtadh fola le dhá bhliádhain déag, táobh shiar dhe, agus do chumail sí lé imeal a éudaigh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:20
12 Tagairtí Cros  

agus d’iarradar air leigean dóibh baint amháin le scothóig a bhrait: agus an méid do bhain, do leigheasadh iad.


Acht is chum go bhfeicfeadh na daoine iad ghníos siad gach éinnidh: óir leathnuighid a bhfulaictéirí,


Agus d’éirigh Íosa, agus do lean sé é, mar aon le n‐a dheisceablaibh.


Agus cibé áit ’n‐a dtéigheadh sé isteach, i mbailtibh beaga, nó i gcathrachaibh, nó fá’n tuaith, do chuiridís na daoine breoite ar na sráidibh, agus d’impidhdís air a leigean dóibh fiú cuimilt le h‐imeall a bhrait: agus an méid do chuimil leis do leigheasadh iad.


Agus thángadar go Bétsáida. Agus thugadar dall chuige, agus d’iarradar air a lámh do chur air.


i dtreo go mbeirthí ó n‐a cholainn ciarsúirí nó aprúin chum na ndaoine breoite, agus go n‐imthigheadh na h‐aicídí dhíobh, agus go n‐imthigheadh na droch‐spioraidí asta.


ionnas go n‐iomchraidís na daoine breoite amach ar na sráidibh, agus chuiridís ar leabthachaibh agus ar thochtaibh iad, le súil, ag dul thart do Pheadar, go dtuitfeadh a scáil féin ar dhuine aca.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí