Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Acht, chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil ar chumas do Mhac an Duine ar talamh peacaidhe do mhaitheamh (adubhairt sé annsin leis an bhfear pairiliseach), Éirigh, tóg do leaba, agus imthigh chum do thighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Ach sa chaoi go mbeidh fhios agaibh an t‑údarás atá ag Mac an duine ar an talamh le peacaí a mhaitheamh”— ar seisean ansin leis an bpairiliseach—“Éirigh, tóg ort do leaba agus siúil leat abhaile.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Acht chun go raibh a fhios agaibh go bhfuil cumhacht ag Mac an Duine ar talamh peacaidhe a mhaitheamh, dubhairt sé annsin leis an fhear a raibh an galar creathach air: Éirigh, tóg suas do leabaidh, agus gabh abhaile chun do thighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Achd do chum mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaitheamh ar an ttalamh, (a deir sé an tansin ré fear na pairilise,) Erigh, tógaidh do leabaigh, agus imthigh dod thigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ach ionus go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómhacht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh”–dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gábh abhaile.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:6
24 Tagairtí Cros  

Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.


Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.


Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.


Cia aca is fusa a rádh, Atá do pheachaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh, agus siubhail?


Agus d’éirigh seisean, agus d’imthigh sé chum a thighe féin.


Acht, chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil cumhacht ar an domhan so ag Mac an Duine chum peacaidhe do mhaitheamh; (adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach),


Cad chuige a labhrann an fear so mar sin? dia‐mhasladh atá aige d’á dhéanamh: cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh acht Dia amháin?


Agus do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar cheasnú, agus iad g‐á rádh, Cia h‐é seo atá ag labhairt dia‐mhasla? Cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh, acht Dia amháin?


agus do‐bheirim an bheatha shíorraidhe dhóibh; agus ní caillfear iad go deoidh, agus ní fhuadóchaidh aoinneach as mo láimh iad.


fá mar thugais dó cumhacht ar gach a bhfuil beo, ionnas, gach a dtugais dó, go dtiubhradh sé an bheatha shíorraidhe dhóibh.


agus thug sé ughdarás dó chum breith do dhéanamh, toisc gur ab é Mac an Duine é.


Adubhairt Íosa leis, Éirigh, tóg do leaba agus siubhal.


D’árduigh Dia le n‐a láimh dheis é chum bheith ’n‐a Phrionnsa agus ’n‐a Shlánuightheoir, chum aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadhdo thabhairt d’Israel.


Agus adubhairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ shlánú: éirigh, agus cóirigh do leaba. Agus d’éirigh sé ar an láthair.


Cibé duine go dtugann sibh maitheamhnas dó, do‐bheirim‐se maitheamhnas dó, leis, mar, má tá rud ar bith maithte agam, is ar bhur son‐sa atá sé maithte agam i láthair Chríost;


Mar sin de atáimíd ’n‐ár dtaidhleoiribh ar son Chríost, amhail mar bhéadh Dia ag impidhe oraibh trínne: impighmíd oraibh as ucht Chríost réidhteach do dhéanamh le Dia.


agus bidhidh muinnteardha le chéile, deagh‐chroidheach, ag maitheamh d’á chéile, fá mar tá maithte ag Dia i gCríost daoibh‐se.


ag foidhneamh le chéile, agus ag maitheamh d’á chéile, má bhíonn cúis ar bith ag aoinneach ar dhuine eile; fá mar thug Críost maitheamhnas daoibh‐se,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí