Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Le linn cainnte dhó, féach, tháinig uachtarán chuige, agus do shléacht sé dhó, agus adubhairt, Atá m’inghean tar éis báis anois díreach, acht tar agus cuir do lámh uirthi, agus mairfidh sí beo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin leo, bʼshiúd rialtóir ag teacht chuige a chuaigh ar a ghlúine roimhe, agus a dúirt, “Tá mʼiníon go díreach i ndiaidh bás a fháil; ach tar agus leag do lámh uirthi, agus mairfidh sí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Nuair a bhí sé ag rádh na neithe seo leo, féach, tháinic uachtarán áirithe chuige, thug adhradh dó, agus dubhairt: A Thighearna, fuair mo inghean bás anois; acht tar, cuir do lámh uirthí, agus béidh sí beo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus a labhairt na neitheannso dhó ríu, féuch, ar tteachd dúachdarán aírighthe chuige, do onóruigh sé é, ag radh, Fúair minghean bás ar an mball: ach tarrsa agus cuir do lámh uirrthe, agus biáidh sí béo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 An fhaid a bhí sé ag rádh na cainte sin leó, féach tháinig priúnsa áirighthe chuige, agus do shléacht sé dhó, agus dubhairt sé: A Thighearna, do fuair m’inghean bás anois; ach tar agus cuir do lámh uirthi, agus beidh sí beó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Le linn dó a bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus dʼumhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Le linn dó bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus d'umhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:18
25 Tagairtí Cros  

Agus na daoine do bhí sa mbád, d’adhradar é, g‐á rádh, Go fírinneach is tusa Mac Dé.


Acht tháinig sise, agus do shléacht sí dhó, g‐á rádh, A Thighearna, fóir orm!


Agus nuair thángadar go dtí an sluagh, tháinig chuige fear, ag sléachtadh ar a ghlúnaibh dhó, agus g‐á rádh,


Annsin tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n‐éinfheacht le n‐a clann mhac, ag umhlú dhó, agus ag iarraidh fabhair air.


Agus nuair do‐chonnacadar é, d’adhradar é: acht do bhí amhras ar chuid aca.


Agus féach, tháinig lobhar chuige, agus do shléacht sé dhó, g‐á rádh, A Thighearna, má’s áil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh.


Agus tháinig siad chuige, agus do dhúisigheadar é, g‐á rádh, Fóir orainn, a Thighearna; tá baoghal báis orainn!


Agus ní chuireann daoine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: má chuireann, pléascthar na buidéil, agus doirtear amach an fíon, agus cailltear na buidéil: acht cuireann siad fíon úr i mbuidéalaibh úr‐nua, agus sábháltar iad araon.


Agus d’éirigh Íosa, agus do lean sé é, mar aon le n‐a dheisceablaibh.


adubhairt sé, Druididh siar uaim: ní marbh atá an cailín, acht ’n‐a codladh.


Agus d’fhreagair uachtarán na sionagóige, agus é go díombuidheach d’Íosa toisc leigheas do dhéanamh, lá na sabóide, agus adubhairt sé leis an sluagh, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do dhéanamh: tagaidh ar na laethibh sin go leigheasfar sibh, agus ná bidhidh ag teacht lá na sabóide.


Agus do cheistigh taoiseach áirithe é, g‐á rádh, A Mháighistir mhaith, céard atá le déanamh agam chum go mbéidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht agam?


Agus do bhí seirbhíseach ceanntúra áirithe, fear do b’ionmhain le n‐a mháighistir, do bhí sé breoite agus i riochtaibh báis.


Adubhairt Íosa léi, Is mise an aiséirghe agus an bheatha: cibé chreideas ionnam‐sa, má gheibh sé bás féin, mairfidh sé:


Agus nuair tháinig Máire go dtí an áit ’n‐a raibh Íosa, do chaith sí í féin ag a chosaibh, g‐á rádh leis, A Thighearna, dá mbéitheá annso, ní bhfaigheadh mo dhearbhráthair bás.


Agus nuair do bhí léigheadh an reachta agus na bhfáidh déanta, do chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chuca, g‐á rádh, A bhráithreacha, má tá focal congantach le h‐aghaidh an phobail agaibh, labhraidh.


Agus tharla go raibh athair Phubliuis tinn ’n‐a luighe le fiabhras agus le flosc: agus do chuaidh Pól isteach chuige, agus do ghuidh sé ar a shon, agus do chuir sé a lámha air, agus do leigheas sé é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí