A chara, tá an diabhal curtha i láthair mar chréatúr bréagach, sotalach, uaibhreach a d’éirigh amach i gcoinne Dé, agus mar sin, is é príomh-namnam Dé, agus na daonnachta chomh maith. Feicimid cuntais air ar fud na Scrioptúr mar chathachtach agus cúisitheoir. Cuimhnigh ar chaoi ar thug sé dúshlán d’Íosa sa bhfásach.
Is é a aidhm amháin sinn a tharraingt ó thoil Dé ionas go gcaillfear ár n-anamacha. Deir an Bíobla gur tháinig sé chun goid, marú agus scrios. Níl uaillmhian ar bith aige ach an cine daonna a fheiceáil caillte agus gafa ina chleasa agus ina bhréaga.
Tá sé tábhachtach a thuiscint go bhféadfadh an diabhal teacht chugainn i bhfoirm mianta sanntacha, uaillmhian neamhrialaithe, nó iompraíochta millteach. Is é a phlean tú a mhealladh le rudaí a fheictear taitneamhach agus tarraingteach. Sin é an fáth go gcaithfidh tú do ghuí a neartú agus a bheith airdeallach i gcónaí. Tá sé ag stalcaireacht timpeall mar leon ag búireach, ag lorg duine le slogadh.
Is é an t-aon bhealach le teacht slán as na dúshláin laethúla ná trí bheith ceangailte le Spiorad Naomh Dé. Is ann a gheobhaidh tú an neart gan titim. Cé go bhfuil an diabhal ina namhaid cumhachtach, tá Dia uilechumhachtach agus tá a chumhacht gan teorainn. Tá Dia i ngach áit agus saorfaidh sé d’anam i gcónaí. Mar sin, seas i gcoinne an diabhail agus ná lig don olc smacht a ghabháil ar do shaol.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé:
Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Anois do bhí a nathair nimhe ní budh cealguidhe ná áoin bheitheach san mhachaire dá ndéarna an TIGHEARNA Día. Agus a dubhairt sí ris an mhnáoi, A neadh, a ndubhairt Día, Ní iostáoi dá gach áon chrann sa ngáirdín?
¶ Anois do bhí lá an tan thangadar mic Dé dá ttaisbeanadh féin a lathair an TIGHEARNA, agus tháinic Sátan mar an gcéadna na measc. Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Sátan, Cáit as a ttig tusa? Aunsin do fhreagair Sátan don TIGHEARNA, agus a dubhairt, O bheith ag imtheacht fá ccuáirt ar feadh na talmhan, agus ó shiubhal síos agus súas ann.
Gidheadh atá an Tíghearna díleas, noch dhaingnéochas, agus chóimhéudfus sibh ó olc.
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.
Ann sin do threóruigh an spiorad Iósa gus an bhfásach do chum go gcuirfeadh an díabhal cathughadh air. A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís. Do fhágaibh an díabhal é an tansin, agus, féuch, tangadar na haingil agus do rinneadar friotholamh dhó.
An tí do ní peacadh, as ón díabhal atá sé; óir atá an díabhal ag déunamh peacuigh ó thosach. As chuige so do foillsigheadh Mac Dé, ionnus go sgaóilfeadh sé oibreacha an díabhail.
Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal.
As é an díabhal as athair dháoibh, agus as íad míana bhur nathair as toil libhsi dhéunamh. Do bhi seision na fhear dúnmharbhtha ó thus, agus níor chomhnuidh se sa bhfírinne, óir ní bhfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úadh féin labhrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as athair don bréig.
Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé: Cuiridhse na aguidh ar mbeith dhíbh láidir a gcreideamh, ar mbeith a fheasa aguibh go gcoimhlíontar na buáidheartha céudna sa gcuid eile dá bhur ndearbhraithribh atá sa tsáoghal.
Agus bruithfidh Día na síothchána Sátan fáoi bhur gcosaibh go haithghoird. Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ribh. Amén.
Uime sin glacuidh chuguibh armáil Dé go huilidhe, chum go madh-féidir libh cur na nadhuigh a ló an ríachdanuis, agus seasamh ar gcríochnughadh, na nuile neitheann dáoibh.
Agus na léig sinn a ccathughadh, achd sáor inn ó olc: Oir is leachd féin an ríoghachd, agus an chúmhachd, agus an ghloír, go siórruighe. Amen.
Ann sin a dubhairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do chróidhe do dhéunamh bréige leis an Spiorad Náomh, agus do chungbháil coda éigin do lúach an fhearuinn go foluidhtheach? Do thóg Día ar naithreachne Iósa súas, noch do mharbhabhairse ar na chrochadh a gcrann. Do thóg Día re na láimh dheis féin é só súas na Phríonnsa agus na Shlánaightheoir, do thabhairt aithrighe, agus maithmheachais na bpeacadh Disraél. Agus atámáoidne ar bhríadhnuisibh dhó ar na neíthibhse a deirmíd; agus maran gcéudna an Spiorad Náomh, nóch thug Día dón druing úmhlaigheas dó. Agus ar gclós na neítheadhsa dhóibhseab, do bhádar air a ngearradh, agus do rinneadar cómhairle íadsan do mharbhadh. Achd ar néirghe súas Dfairisíneach áirighe, sa gcómhairle, dár bhainm Gamáliel, doctúr dlíghe, do bhí fá chion ag an bpobal uile, daithin sé na habsdail chur amach ar feadh tamuill; Agus a dubhairt sé ríu, A fhiora Israél, tabhraidh bhur naire ribh féin créd do dhéuntáoi a dtáobh na muinntirese. Oír roimhe a naimsirse déirghe Teúdas súas, ag rádh, Go madh neach éigin mór é féin; lércheangail úibhir dháoine, a dtimcheall cheithre gcéud: noch do marbhadh: agus an mhéid dáontuigh dhó, do spréaghadh, agus do chuireadh a neimbrígh íad. Tar éis an fhirse déirghe Iúdás an Galileánach súas a laéthibh an dáoirchíosa, agus do tharruing sé mórán dón phóbal chuige féin: agus do sgriosgadh an fearsa fós; agus do spréaghadh uile, an mhéid tug a náonta dhó. Agus a deirim ribh a nois, Seachnuidh sibh féin ar an muinntirse, agus léigidh dhóibh: oír más ó dháoinibh thig an chómhairle nó a nóbairse, cuirfighthear a neimbrígh é. Achd mas ó Dhía thig sé, ní héidir libh a chur a neimbrígh; air eagla go bhfuighthí ag troid a naghaidh Dé sibh. A né nár leachd féin é dá gcongabhtha é, agus an é nach raibh sé ad chúmhachdaibh féin, íar na reic? créd far smúain tú a ní so ad chróidhe? ní lé dáoinibh do rinne tú brég, achd ré Día.
Agus ar mbeith Diosa lán don Spiorad Náomh, do fhill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréornigheadh leis an Spioruid ar an bhfásach é, Oir a tá sgriobhtha, Do bhéura sé áithne dhá áinglibh ad thimcheall, thusa do choimhéud: Agus toigéubhuid eidir a lámhuibh thú, deagla go mbuailfea do chos fá chloich úair ar bith. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, A dubhradh, Ni chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna do Dhía féin. Agus ar ccur críche ar a chathuighthibh uile don díabhal, dtág sé eisean ar feadh tamuill. Agus dó chas Iósa maille ré cumhachdaibh na Spíoruide don Ghalilé: agus do chúaidh a chlú ar feadh na tire na thimcheall. Agus do theaguisg sé ann a síonagógaibh súd, ag fagháil glóire ó gach uile dhuine. Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleagh é: agus, do chúaidh sé a steach mar budh gnath leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éirigh sé na sheasamh do leughthóireachd. Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an leabhar, fuair se an tionad an a raibh sgríobhtha, Ta Spíorad an Tíghearna oramsa, tré gur ong sé mé do chuir sé úadh mé do sheanmóir an tsoisgél do na bochdoibh, do shlánughadh na ndáoine agá bhfuilid croidhthe brúidhte, do sheanmóir fúasgalta do na braighdibh agus do da dalluibh aisioc a radhairc, agus do tabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrúghagh, Do sheanm; óir bhadhna fhorbháiltigh an Tighearna. Feadh dhá fhichead lá an díabhal ag cur chathuighthi air. Agus níor ith sé uí ar bith ann sna laéthibh sin: achd ar na gcríochnnghadh, ann sin do ghabh ocras é.
Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile air feadh tamuill, chum sibh féin do thabhairt do throsgadh agus dúrnaighe; agus a rís taguidh a gceann a chéile, deagla go gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh tre bhur neamhgheanmnuidheachd.
Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail. Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda.
Chum a súl dosgladh, agus chum a bhfillte ó dhorchadus chum an tsolais, agus ó chúmhachdaibh Shatáin chum Dé, chum maithfeachais na bpeacadh dfágháil dóibh, agus oidhreachda a measg na muinntire atá ar na náomhadh tré chreideamh ionnamsa.
Agus do teilgeadh amach an dragún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoirthear an Díabhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile: do teilgeadh amach é fán dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.
Ann a rabhabhair a nallód ag siubhal do réir nóis an tsáoghailse, do réir an phrionnsa agá bhfuil cúmhachda a naiéir, agus na sbiorúide óibrigheas a nois a gcloinn na heasúmhlachda:
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin:
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid.
Rug an diabhal a rís é do chum sléibhe ro áird, agus do thaisbeín sé dhó rioghachda an domhain uile, agus a nglóir; Agus a dubhairt sé ris, Do bhéaruidh mise iád so uile dhuit, má shléachdann tú dhamh dom onórughadh.
Agus an námhaid do chuir é a sé an díabhal é; agus a sé an fóghmhar deireadh an tsáoghail; agus a síad na búanuidhe na haingil.
Agus a dubhairt an diabhal ris, Do bhéara misi na cumhachda so uile dhuit, agus a nglóir: óir do tugadh dhamshsa í; agus do bheirim í don tí as toil leam.
A nois atá breitheamhnus an tsáoghailsi a lathair: a nois teilgfidhear amach úachdarán an tsaoghailsi.
O so amach ní laibhéora mé mórán ribh: oir atá úachdarán an tsáoghuilsi ag teachd, agus ní bhfuil ní ar bith aige ionnamsa.
Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ghabh seision mar an gcéudna a chuid díobh sin chuige; chum an tí agá bhfuil cúmhachd an bháis, éadhon an díabhal, dionnarbadh dhó tré bhás;
Cionnus do ung Día Iósa Nasárrgha ris an Spiorad Náomh agus lé cumhachdaibh: noch do chuáidh timcheall ag déunamh maitheasa, agus ag sláunughadh gach a raibh fá leathtrom tré chumhachdaibh an diabhail; óir do bhí Día maille ris.
Ag fádhbhadh na núachdaránachd agus ná gcúmhachd dó, do thaisbéin sé go follas íad, ar ndul dó ann féín go caithréimeach ós a gcionn.
Agus a dubhairt an Tighearna, A Shímóin, a Síomóin, féuch, díarr Sátan sibhsi, le bhar gcáthadh mar chruithneachd: Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.
As aithnidh dhamh hoibreacha, agus hionad comhnuighe, a náit a bhfuil ardchatháoir Shátain: agus coimhéudann tú mainmse, agus níor shéun tú mo chreideamh, sna laethibh fós ionar marbhadh Antipas mfíadhnuise fhíre, eadruibhse, sa nionad na bhfuil Sátan na chomhnuighe.
Achd ar gcasadh dhósan, a dubhairt sé ré Peadar, Imthigh am dhiaigh, a Shátain: is scannail dhamh thú: oir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Diá, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.
Uime sin a fhlaitheamhnasa, bíodh gairdeachas oruibh, agus oruibhse a luchd áitreabhas ionnta. As mairg do aitréibhuigh an talamh agus do nfairrge! Óir táinic an díabhal a nsúas chúguibh, lán do chúthach feirge, ar mbeith a fheasa aige gur ab aithghearr a aimsir.
Agus do bhí sé ann sin ar an bhfásach dhá fhithchead lá, ág fulang chathuighthe ó Shátan; agus do bhí sé a bhfochair na mbeitheach allta; agus do bhí na haingil ag mionasdrálachd dó.
Agus do teilgeadh an díabhal do mheall íad a loch teineadh agus ruibhe, mar a bhfuil an beathach agus an fáidh fallsa, agus béid síad dá bpianadh do ló agus doidhche go sáoghal na sáoghal.
Oír bí míanghus na colla a nadhuigh na Sbíoruidhe a nadhuigh na colla: agus atáid so contrárdha dhá chéile: ionnas nach féidir libh na neithe as mían ribh do dhéunámh.
Gan bheith dhó na noibhíseach, deagla ar mbeith dhó líonta dúabhar go duitfeadh sé a ndannughadh an díabhail.
Atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía atámuid, agus go bhfuil an sáoghal uile na luidhe sa nolc.
Ná bíodh eagla éinneithe dhá bhfuileónguidh tú ort: féuch, teigeumhuidh go dteilgfe an díabhal cuid aguibh a bpríosún, chum bhur ndearbhtha; agus biáidh sibh dá bhur mbuáidhreadh deich lá: bí díleas go bás, agus do bhéursa dhuit coróin na beatha.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Sátan, Feuch, atá a bhfuil aige uile fad chumhachduibhsi; amháin air féin na sín do lámh. Marsin dimthigh Sátan amach as lathair an TIGHEARNA.
Agus do thaisbéin sé dhamh Iosuah an tárdshagart na sheasamh as coinne aingil an TIGHEARNA, agus Sátan na sheasamh dhá láimh dheis chum cur na aghaidh. Annsa ló sin, a deir TIGHEARNA na slógh, goirfidhe gach uile dhuine aguibh a chomharsa fáoi an bhfíneamhuin agus fáoi an ccrann fíge. Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Sátan, Go naithbhiridh an TIGHEARNA thú, a Shátan; eadhon an TIGHEARNA do thogh Ierusalem go nimdhearga sé thú: nach aithinne so ar na tharruing as an tteine?
Ciondus do thuit tusa a núas ó fhlaitheamhnus, a Lucifer, a mhic na maidne! ciondus do gearradh síos go nuige an talamh thusa, noch do laguidh na cineadhacha! Oír a dúbhairt tú ann do chroidhe, Eireochuidh mé súas go flaitheamhnus, áirdeochaidh mé mo chathaoir ós cionn réulta Dé: suighfidh mé fós ar shlíabh an chomhchruinnighthe, ar thaobhuibh an tuáisgeirt: Eíreochaidh mé súas ós cionn áirde na néull; biáidh mé cosmhuil ris an tí is Airde. Gidheadh béarthar síos go hifrionn thú, go táobhuibh an phuill.
A mhic an duine, tóig súas golgháir air rígh Tirus, agus abair ris, Is marso a deir an Tighearna DIA; Séaluigh tú súas an tiomlán, lán do ghliocus, agus iomlán a sgéimh. Do bhí tú ann Eden gáirdín Dé, budh é thfolach gach uile chloch mhórluáigh, an sardius, an topas, agus an diamond, an bheril, an tónics, agus an iasper, an saphir, a nemerald, agus an carbuccail, agus an tór: do gléasadh ccardacht do thiompán agus do phíob ionnad annsa lá ar cruthuigheadh thú. Is tú an cherub ungtha fholchas; agus do shuighidh misi marsin thú: do bhi tú air shliabh náomhtha Dé, do shiubhail tú a meadhon na leac tteineadh. Do bhí tú iomlán ann do shlighthibh, ón ló far crúthúigheadh thú, nó gur fríth éigceart ionnad. Maille lehiomad do cheannuigheachta do líonadar do lár lé foiréigion, agus do pheacuidh tú: uimesin teilgfidh misi thú amhuil neimhdhíadha amach as slíabh Dé: agus scriosfa mé thú, a cherub fholuigh, ó lár na leac tteineadh. Do tógbhadh súas do chroidhe do bhrígh do sgéimhe, do thruailligh tú heagna do bhrígh do dhéalruighthe: teilgfidh misi chum talmhan thú, a bhfíadhnuise ríogh, chor go bhféuchfuid ort.
Achd do chím reachd eile ann mo bhallaibh, ag cathughadh a naghaidh reachda minntinne, agus dom thabhairt a mbruid do reachd an pheacaidh noch atá am bhallaibh.
Agus tugadar onóir don dragún noch tug cumhachda don nainmhidhe, agus tugadar onóir don ainmhidhe, ag rádh, Cía as cosmhuil ris a nianmhidhe? Cía fhéudus cogadh dhéunamh ris?
Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luchd na láimhe clí, A dháoine malluighthe, imthidhidh úaim ann sa teinidh shiorruídhe, atá ar na hullmhughadh don diabhal agus dá ainglibh:
Agus an dream úd chois na sligheadh a siad éisdeas; na dhiáigh sin tig an díabhal, agus tógbhuidh sé an bhriáthar as a gcróidhe, deagla go gcreidfidís agus go slánéochtháoi iád.
Agus an tan do chúaladar na Phairisinigh so, a dubhradar, Ni theilgeann an féarso na deamhain amach, achd tré Bheilsebub prionnsa na ndeamhan. Achd an tan do aithin Iósa a smúaintighthe, a dubhairt sé riu, Gach rioghachd atá roinnte na haghaidh féin biáidh sí na fásach; agus gach uile chathair nó teagh a tá roinnte na aghaidh féin ní sheasfuidh sé: Agus ma theilgeann Satan, Santan a mach, a tá sé roinnte na aghaidh féin; ar a nadhbharsin cionnus anfus a ríoghachd na seasamh?
Agus is íad so an drong a tá láimh ris a tslighe, ann a gcuirthear an bhríathar; agus tar éis a cloisdean, tig Sátan ar an mball, agus tógbhuidh sé úatha an bríathar do sióladh an a gcroidhthibh.
Agus teachd ar a nais, ó dhul an díabhail, agá bhfuilid gabhtha mar is áill leis féin.
Má ní tú go maith, nach nglacfuighthear thú? agus muna ndéarna tú go maith, atá an péacadh na luighe ag an dorus, agus biáidh a fhonn chugadsa, agus riaghlochuidh tú ós a chionn.
Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh. Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.
Ná habradh éinneach an tan bhíos a gcathughadh, Is ó Dhía churthar cathúghadh oram: óir ní féidir cathúghadh a nuile do chur air Dhía, agus ní chúireann sé cathúghadh ar aóinneach: Achd bí gach áon a gcathúghadh, an tan thairngeas agus bhréugan, a ainmhíana féin é. Na dhiáigh sin ar ngabháíl toirrcheasa chuige don nainmhían, beiridh sé peacadh: agus an tan, críochnuighthear an peacadh, beiridh sé bás.
Achd feitheamh báoghlach ris an mbreitheamhnus agus ré teas na teineadh, noch shluigfeas na námhuid.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Agus mar an gcéada dá raibh Sátan roinnte na aghaidh féin, cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a deirthísi gur ab trí Bheelsébúb theilgimsi amach na deamhain.
Féuch, do bhéura mé air an druing do shínagóig Shátain, noch a deir gur Iúdaigheadh íad féin, agus nach eadh, achd do níd bréug; féuch, do bhéura mé ortha teachd agus sléuchduin do dhéunamh agad chosuibhse, agus biaidh a fhios aca go dtug mise grádh dhuit.
Agus do chúaidh a chlú feadh na Síria uile: agus tugadar chuige gach áon da raibh easlán agus ar na gcuibhreadh lé gálruighthubh agus le piántúibh éugsamhla, agus agá mbidis deamhain ionnta, agus do bhíodh tinn lé goin na raé, agus luchd pailirise; agus do shlánuigh sé iád.
Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún.
Saor mé, a THIGHEARNA, ón drochdhuine: ó fhior a nfoiréigin coimhéad mé; Tuiteadh orra sméaróidighe ar na lasadh: teilgthear annsa teine íad; a bpollaibh doimhne, iondus nach néirghid aris. Ná daingnithior fear dhrochtheangtha ar talamh: fear a nfoiréigin do dhéana urchaid sealgidh air chum a dhíbeartha. Is aithne dhamh go ndéana an TIGHEARNA ceart don bhuáidhearthach, agus breitheamhnus do nuireasbhuidheach. Go deimhin molfa an firéun hainm: biáidh an ceart na chomhnuidhe ar haghaidh. Noch smuáinios urchóid a gcroidhe; cruinnighid ar feadh an laói a gceann a chéile chum cogaidh. Do ghéaruigheadar a tteangtha amhuil naithir nimhe; atá nimh naithreach iona mbéul. Selah. Coimhéad mé, a THIGHEARNA, ó lámhaibh na cciontach; dídin mé ó fhior a nfoiréigin; noch shaóilios mo choiscéime do chlaóidh. Dfoluigheadar na huáibhrigh an paintéar am choinne, agus corduighe; do shíneadar líon ré taobh na slígheadh: do chuireadar innle am choinne. Selah.
Ná cláon mo chroidhe chum droichneithe, chum droichghníomha do dhéanamh ré daóinibh noch oibrighios urchóid: agus ná léig dhamh ithe dá mbíadhuibh millsi.
No cionnas is éidir lé héinneach dul go tigh dhuine láidir, agus a airnéis tighe dfúadach leis, muna gceangluidh sé ar tús an duine láidir? agus ann sin sladfuidhe sé a thigh.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Ionnshamhail a nfirsin do thoirbhirt do Shátan, chum na colla do cháochludh iónnus go sáorfuidhe an sbiorad a ló an Tighearna Iósa.
Agár ab damnughadh a gcríoch dheigheanach, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ghlóir a náire dhóibh, noch smuáineas ar neithibh talmhuidhe.
Agus tar gach uile ní, glacuibh chuguibh, sgíath an chreidimh, tré na dtucfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruidedo mhúchadh.
Go firinneach deirimsi ribh, Gidh bé ar bith neither cheangóltáoi ar talamh biáidh síad ceangailte ar neamh: agus gidh bé ar bith neither sgáoilfidhe ar talamh bíaidh sgáoilt ar neamh:
Cred fa ndéanuid na geinte baóis, agus fa smúainid na daóine díomhaóineas? Bíthí glic anois uimesin, ó a righthe: glacuidh teagasg, a bhreitheamhuin na talmhan. Fóghanuigh don TIGHEARNA maille le heagla, agus lúathgáirighidh maille le creathaibh. Póguidh an Mac, deagla go mbíadh sé feargach, agus go rachadh sibh a múgha san tslighe, an tan lasfus a fhearg dhá laghad. Is beannuigh an dream uile, noch chuirios a ndóigh ann. Cuirid ríghthe na talmhan íad féin a cceann a chéile, agus glacaid na ríaghlóirigh comhairle, re cheile anaghaidh an TIGHEARNA, agus a naghaidh a ungthaigh, ag rádh, Briseam ó chéile a ccuibhreacha, agus teilgiom uáinn a cceangail.
Marsin bhías eagla anma an TIGHEARNA orra ó náird shíar, agus a ghlóire ó éirghe na gréine. A nuáir thiucfas an námhuid a steach amhuil tuile tóigfe Spiorad an TIGHEARNA bratach súas na aghaidh.
A Dhe, ná bí ad thochd: ná bí boghar, agus ná coisg, a Dhé. Noch do thuit ag Endor: do rinneadh aóileach dhíobh chum na talmhan. Déan a ndáoine nuáisle mar Oreb, agus mar Seeb: agus a bprionnsuidhe uile mar Seba, agus mar Salmunnah: Noch a dubhairt, Glacam chuguinn féin tighthe Dé mar oighreachd. O mo Dhía, déan amhuil roithlean iad; mar an gconnlach air aghaidh na gaóithe. Mar loisgios an teine coill, mar chuirios an lasair na sléibhte tre theine; Amhluigh sin déansa ainleanmhuin orra led anfadh, agus buaidhir íad led stoirm. Líon a naighthe lé náire; chor go níarruid hainm, a THIGHEARNA. Claóidhtear agus buáidhearthar íad go siorruidhe; bíodh náire orra, agus meathaid: Chor go mbia a fhios aca gur tusa amháin, dárab ainm IEHOBHAH, is ro áirde ós cionn na talmhan uile. Oír, féuch, do níd do naimhde comhmbuáidhreadh: agus tógbhaid lucht thfuathuighthe a cceann. A naghaidh do dhaóinesi do ghabhadar comhairle uáigneach go meabhlach, agus do chúadar a ccomhairle a naghaidh háoin bhfoluigheach.
Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.
Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;
Oír munar choigil Día na haingil do pheacuidh, achd ar na dteilgean síos go hifrionn dó, go dtug íad do shlabhraidhibh an dorchaduis chum a gcongmhála ris an mbreitheamhnus;
Na haingil mar an gcéudna nár choimhéid an cheúd sdaid ann a rabhadar, achd do fhág a nionad comhnuighe féin, do choimhéid sé íad a ngeimhlibh síorrúidhe fá dhorchadas chum breitheamhnuis an láe mhóir.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh? An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris? Cía chuirfeas coirthe a naghuidh dháoine toghtha Dé? A sé Día sháoras. Cía dhaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséirighe, noch atá ar deis Dé, agus fós ghuidheas air ar soinne. Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh? (Mar atá sgriobhtha, Is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atámáoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.) Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn. Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
Creidigh tusa go bhfuil áon Ndía ann; as maith do ní tú sin: creidid na deamhuin féin mar an gcéudna, agus criothnuighid síad.
Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.
Oír an luchd is cosmhuil ríu so, ní don Tighearna Iósa Críosd do níd síad seirbhís, achd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briathraibh millsi agus ré cluain croidhthe na ndáoine neamhurchóideach.
Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
As tré chreideamh do dhíult Maóise, ar mbeith dhó mór, mac inghine Phárao do ghairm dhe; Ar mbreith dhó do roghain bheith ag fulang buáidheartha a bhfochair phubail Dé, tar bheith a sáimhe neamhmbúan an pheacuidh;
Saor mé, a Dhé; óir thangadar na huisgeadha go nuige manam. Agus do ghuil mé, agus do bhí manam a ttrosgadh, agus do chuíreadh sin a cceann mo scannlach. Agus do rinneas mo chulaidh do shaicéadach; agus do bhí mé am sheanfhocal acasan. Agus do labhradar an luchd shuighios annsa gheata am aghaidh; agus an lucht ibhios deoch láidir do rinneadar abhrán orum. Acht misi, atá mo ghuidhe chugadsa a THIGHEARNA, a nam ionghabhála: a Dhé, do réir ro iomad do thrócaire cluin mé, a bhfírinne do shlánaighthe. Sáor mé as an lathaidh, agus ná léig mo dhul a níochtar: sáorthar mé ó luchd mfúathaighthe, agus as doimhne na nuisgeadh. Ná leig do thuile na nuisgeadh dul ós mo chionn, agus na léig do naigéan mo shlugadh, agus ná léig don pholl a bhéul do dhrud orum. Cluin mé, a THIGHEARNA; oír is maith do chinéul grádhach: do réir iomad do thrócaire ceannsa fill orum. Agus ná foluigh haghaidh ód sheirbhíseach; óir a táim a mbuaidhreadh: déаnа deithfir dom éisdeachd. Druid a ngar dom anam fúasgail é: sáor mé do bhrígh mo námhad. Is aithne dhuitsi mo scannail, agus mo náire, agus measonóir: atáid mo naimhde uile ós do choinne. Do sluigeadh mé a lábán rodhomhuin, mar nach bhfuil ionad seasta: tháinig mé go doimhne na nuisgeadh, agus tá an sruth ag dul thorum.
Agus rug sé ar an drágún, an seanathair nimhe, noch is Díabhal agus is Satán ann, agus do cheanguile sé é míle blíadhain, Agus do theilg é sa bpoll dubhaigéin, agus do dhún, agus do chuir sé séula air, ionnus nach meallfadh sé na cineadhacha ní sa mhó, go ccoimhlíonfuidh an míle blíadhan: agus na dhiáigh sin is éigean a sgaóileadh feadh aimsire aithghearra.
Deagla Shátan do bhreith buáidhe oruinn ré na ghliocas: oír ní bhfuil ainbhfios a shlightheadhsan oruinn.
Uch mo thrúaighe um dhuine truailleánta! cía sháorfus mé ó chorp an bháis so? Beirim buídheachus ré Día tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Uime sin do nímse go deimhin am intinn seirbhís do reachd Dé; achd am fhéoil reachd an pheacaidh.
O A Ghalatíanacha gan chéill, cía rinne piseóga dhaóibh, as nách géillfeadh sibh don fhírinne, agar thaisbéunadh Iósa Críosd daóibh roimhe so a bhfiadhnuisi bhur súl, ar na chéusadh bhur measg?
Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh.
Ar a nadhbharsin na bíodh a neagla oraibh: óir ní bhfuil ní ar bith folaighthe, nach dtiocfuidh chum soillsi; agus ní bhfuil énní ar ceilt, nach aitheontar. An ní a deirimsi ribh ann sa dorchadus, abruidhsi é ann sa tsolus: agus an ní do chluinntí in bhur gclúais, foillsighe é air mhullach na tighthe.
Gidheadh rugadar buáidh air tré fhuil a Nuáin, agus tré bhréithir a fhiadhnuise; agus ní raibh suim aca na nanam féin go bás.
Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Giodh bé nach bhfuil leamsa a tá sé a maghaidh; agus giodh bé nach ccruinnigheann leamsa scahuighe sé.
Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.
Sgríobhuim chuguibh, a aithreacha, do bhrígh gur ab aithne dhíbh an tí atá ann ó thosuigh. Sgríobhuim chuguibh, a ogánacha, do bhrígh go rugabhair buáidh ar an droch spioruid. Sgríobhuim chuguibh, a leanba beaga, do bhrígh gur an aithne dhíbh an Tathair. Do sgríobh mé chuguibh, a aithreacha, do bhrigh gur ab aithne dhíbh an tí ata ann ó thosuigh. Do sgríobh mé chuguibh, a ógánacha, do bhrígh go bhfuil sibh láidir, agus go bhfuil bríathar Dé na comhnuighe ionnuibh, agus go rugabhair buáidh ar an droch spioruid.
Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ghabh seision mar an gcéudna a chuid díobh sin chuige; chum an tí agá bhfuil cúmhachd an bháis, éadhon an díabhal, dionnarbadh dhó tré bhás; Agus chum sáoirsi do thabhairt don mhéid do bhí feadh a mbeatha tré fhaitcheas an bháis fá chuing dháoirse.
Feadh dhá fhichead lá an díabhal ag cur chathuighthi air. Agus níor ith sé uí ar bith ann sna laéthibh sin: achd ar na gcríochnnghadh, ann sin do ghabh ocras é.
Agus air dteachd do náidhbhirséoir chuige, a dubhairt sé, Mas tusa Mac Dé aithin do na clochuibhsi bheith na narán.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Agus créd a déuruinn ní sa mhó? óir do bhíadh a naimsir ro ghearr agum ré bheith ag cráobhsgaóileadh ar Ghedéon, agus ar Bhárac, agus ar Shampson, agus ar Iephtaé; agus ar Dháibhi, agus Shamuel, agus ar na fáidhibh: Noch tré chreideamh da bhúadhuigh ríoghachda, do oibrigh fíréuntachd, do ghnodhuigh na geallamhnacha, do sdop beóil na leomhan, Do mhúch neart na teineadh, do chuáidh as ó fháobhar an chloidhimh, tugadh ó laige go láidireachd, do rinneadh neartmhar a gcath, do chuir a dteitheamh sluáighe na neachdrannach.
Bídís claóidhte agus dioghbháite noch atá na neasgcáirdibh dom anam; foluighthear íad lé scannail agus ré easonóir noch íarrus molc.
Atá a fhios aguinn gach neach atá ar na thuismeadh ó Dhía nach bpeacuigheann sé; achd an tí atá ar na thuismeadh ó Dhía, bí coimhéudach air féin, agus ní bheanann an droch spiorad ris.
Féuch do bheirim dhíbh cumhachda saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart namhad: agus ní ghoirteochaid éin ní sibh.
As beannuighe an tí iomchras cathughadh: óir tar éis a fhaghála dearbhtha, do gheabhuidh sé coróin na beatha, noch do gheall an Tíghearna don druing ghrádhuigheas é.