Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Geineasas 3:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois do bhí a nathair nimhe ní budh cealguidhe ná áoin bheitheach san mhachaire dá ndéarna an TIGHEARNA Día. Agus a dubhairt sí ris an mhnáoi, A neadh, a ndubhairt Día, Ní iostáoi dá gach áon chrann sa ngáirdín?

Féach an chaibidil Cóip




Geineasas 3:1
14 Tagairtí Cros  

Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil.


An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige.


“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.


Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”


agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’ ”


“Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n‑umhlóidh tú síos do m'adhradh.”


Ach cá hionadh sin, nuair a chuireann Sátan féin riocht an aingil ghil air féin?


Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.


Mar an gcéanna libhse a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n‑urnaithe.


Sceith an nathair nimhe uisce, mar abhainn, as a bhéal i ndiaidh na mná d'fhonn go bhfuadódh sé le sruth í.


An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.


Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhreacha é ar feadh míle bliain,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí