Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Mar éireoidh Críosta bréige agus fáithe bréige agus taispeánfaidh siad comharthaí agus iontais mhóra, sa tslí go meallfaidh siad, dá mbʼfhéidir é, go fiú an dream tofa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Óir éireochaidh críostanna bréige agus fáidhe bréige, agus léireochaidh siad míorbhailte agus iongantaisí móra, ionnas go mealladh siad, dá mb’fhéidir é, na fíréin féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Óir éireochaidh Críostanna bréige, agus fáidhe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cómharthaí agus iongantaisí móra, d’fhonn na fíréin toghtha féin do mhealladh, má’s féidir é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Mar, eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ fhéidir é).

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mbʼfhéidir.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:24
31 Tagairtí Cros  

Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae, agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán.


Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.”


Éireoidh a lán fáithe bréige agus cuirfidh siad mórán amú.


Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.


Tá sé inste agam daoibh roimh ré.


Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.”


óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Mise an Críost,’ agus cuirfidh siad mórán daoine amú.


“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.


Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mba fhéidir.


Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?


Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.”


Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.


Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.


Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mba fhéidir dó é.


Más féidir é, chomh fada le bhur ndícheall, mairigí go síochánta le cách uile.


Cad a d'imigh ar bhur gcroíúlacht? Ar m'fhocal daoibh go sracfadh sibh bhur súile amach agus iad a thabhairt dom, dá mb'fhéidir é.


“Má éiríonn fáidh nó aislingeoir aislingí in bhur measc agus go dtairgeann sé comhartha nó iontas a dhéanamh duit,


Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”


Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré.


Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.


A chlann liom, is é an ré dheiridh é, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil - uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann.


Cé tá bréagach murab é sin a shéanann gurb é Íosa an Críost? Seo é an tAinchríost, an té a shéanann an tAthair agus an Mac.


Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.


Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí