Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Feicfidh tú a ndéanfaidh mé le lucht shionagóg Shátain a mhaíos gur Giúdaigh iad agus atá bréagach ó nach bhfuil siad amhlaidh—feiefidh túgogcuirfidh mé iallach orthu teacht a umhlú ag do chosa, agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Féach, do‐bheirim duit cuid de lucht sionagóige Sátain, adeir gur Iúdaigh iad, acht nach eadh, acht gur bréagach atáid; féach, cuirfead d’fhiachaibh ortha teacht agus sléachtadh ag do chosaibh, agus a aithint go dtugas‐sa grádh dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Féuch, do bhéura mé air an druing do shínagóig Shátain, noch a deir gur Iúdaigheadh íad féin, agus nach eadh, achd do níd bréug; féuch, do bhéura mé ortha teachd agus sléuchduin do dhéunamh agad chosuibhse, agus biaidh a fhios aca go dtug mise grádh dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Féach! Tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:9
13 Tagairtí Cros  

Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: ‘Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!’ Ansin imeoidh mé amach.” Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg.


Mar is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort. Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad, agus ciníocha in éiric d'anama.


Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”


Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.


Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.


mise iontu-san, agus tusa ionam-sa, ionas go mba aon iad go foirfe, agus go mbeadh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé, agus gur thug tú grá dóibh seo faoi mar a thug tú grá domsa.


Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine - cé gur saibhir tú - agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.


Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá: Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d'fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí