Apacailipsis (Taispeántadh) 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go bhfuil seacht Spioraídí Dé aige, agus na seacht réaltana: Is eol dom t’oibreacha, agus go bhfuilir i n‐ainm bheith beo, acht gur marbh atáir. 2 Déan faire agus neartuigh na neithe fhanas, atá i mbaoghal báis: óir ní fuaras t’oibreacha iomlán i bhfiadhnaise mo Dhé. 3 Cuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar a bhfuarais agus ar a gcualais, agus congbhuigh é, agus déan aithrighe. Acht muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaidhe, gan a fhios agat cia an uair thiocfad ort. 4 Acht atá beagán daoine i Sárdis nár shaluigh a n‐éadaighe: agus siubhalfaid‐sean i n‐éinfheacht liom i n‐éadaighibh geala; óir is fiú iad é. 5 An té bheireas buaidh, clúdóchar é ar an gcuma sin le h‐éadaighibh geala; agus ní scriosfad a ainm amach choidhche as leabhar na beathadh, agus admhóchad a ainm i láthair m’Athar agus i láthair a aingeal. 6 An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. 7 Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i bhFiladelfia; Is é adeir an té atá naomhtha, an té atá fíor, an té go bhfuil eochair Dháibhí aige, an té fhosclas, agus ní dúntar ’n‐a dhiaidh; té dhúnas, agus ní foscailtear ’n‐a dhiaidh: 8 Is eol dom t’oibreacha (féach, atá doras foscailte curtha agam rómhat, agus ní fhéadann aoinneach a dhúnadh), de bhrigh go bhfuil beagán cumhachta agat, agus gur choimheádais mo bhriathar, agus nár shéanais m’ainm. 9 Féach, do‐bheirim duit cuid de lucht sionagóige Sátain, adeir gur Iúdaigh iad, acht nach eadh, acht gur bréagach atáid; féach, cuirfead d’fhiachaibh ortha teacht agus sléachtadh ag do chosaibh, agus a aithint go dtugas‐sa grádh dhuit. 10 De bhrigh gur choimheádais briathar m’fhad‐fhulaing, cumhdóchad‐sa thú ar uair an chathuighthe atá le teacht ar an saoghal uile, chum a maireann ar talamh d’fhromhadh. 11 Atáim ag teacht go luath; congbhuigh a bhfuil agat, chum nach mbainfidh aoinneach do choróin díot. 12 An té bheireas buaidh, déanfad colamhan i dteampall mo Dhé dhe, agus ní imtheochaidh sé amach as go deoidh: agus scríobhfad ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, Iarúsalem nua thig anuas as neamh óm’ Dhia, agus m’ainm nua féin. 13 An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. 14 Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Laodicia; Is é adeir an tAmen, an fiadhnaidhe dílis, fírinneach, tosach a bhfuil cruthuighthe ag Dia: 15 Is eol dom t’oibreacha, nach bhfuil tú fuar ná te; dob’ fhearr liom thú bheith fuar nó te. 16 D’á bhrigh sin, ó thárla thú bheith bog‐the, gan bheith te ná fuar, scéithfead as mo bhéal amach thú. 17 De bhrigh go n‐abrann tú, Atáim saidhbhir agus maoin ar mo mhian agam, gan uireasbhaidh éinnidh orm; gan a fhios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteach, bocht, dall, lomnocht: 18 cómhairlighim duit ór do h‐ath‐bhruithneadh i dteinidh do cheannach uaim‐se, chum go mbéidh tú saidhbhir, agus éadaighe geala chum clúdach do chur ort féin, chum nach bhfeicfear náire do lomnochtachta; agus ungadh le cuimilt ar do shúilibh, chum go bhfeicidh tú. 19 An méid is ionmhain liom, do‐bheirim achmhusán dóibh agus smachtuighim iad: bí‐se dúthrachtach d’á bhrigh sin, agus déan aithrighe. 20 Féach, atáim im’ sheasamh ag an doras ag bualadh: má éisteann aon duine lem’ ghuth, agus an doras d’fhoscailt, tiocfad isteach chuige, agus íosad suipéar i n‐éinfheacht leis, agus íosaidh seisean i n‐éinfheacht liom‐sa. 21 An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad de chead dó suidhe síos i n‐éinfheacht liom im’ righ‐chathaoir, fá mar rugas féin buaidh, agus do shuidheas síos i n‐éinfheacht lem’ Athair ’n‐a righ‐chathaoir‐sean. 22 An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society