Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Cuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar a bhfuarais agus ar a gcualais, agus congbhuigh é, agus déan aithrighe. Acht muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaidhe, gan a fhios agat cia an uair thiocfad ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Cuimhnigh mar sin ar ar taobhaíodh leat agus ar ar chuala tú; agus coinnigh buan é, agus déan aithreachas. Mura ndúisíonn tú, tiocfaidh mé mar a thiocfadh gadaí ort, gan fios uair mo theachta agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Uime sin bíodh na neithe do ghlac agus do chúala tú ar coimhne agad, agus connaimh íad, agus déun aithrighe. Achd cheana muna dhearna tú faire, tiucfa mé ort mar ghaduighe, agus ní bhiáidh fios na huáire a dtiucfa mé ort agud.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:3
24 Tagairtí Cros  

Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin, óir ní h‐eol daoibh an lá ná an uair.


Tabhraidh aire, bidhidh ag faire agus ag guidhe: óir ní fios daoibh cá fhaide go dtiocfaidh an t‐am.


ar eagla dá dtigeadh sé go h‐obann, gur ’n‐bhúr gcodladh do‐gheobhadh sé sibh.


Óir atá a fhios agaibh go maith go dtagann lá an Tighearna mar thagann gadaidhe san oidhche.


A Thimóteuis, coimheád a bhfuil curtha mar chúram ort, ag seachaint baoth‐chainnte neamh‐dhiadha, agus contrárdhachta an nidh go dtugtar eolas go bréagach air:


Congbhuigh go daingean sompla na mbriathar maith do chualais uaim, san gcreideamh agus san ngrádh atá i nÍosa Críost.


D’á bhrigh sin is mó is cheart dúinn aire dhúthrachtach do thabhairt do na neithibh do chualamar, ar eagla go rachaimís ar fán uatha.


Agus measaim gur ceart dom, a fhad is táim san mboith seo, bheith ag ath‐bhrostú bhur gcuimhne:


Is í seo anois, a cháirde, an dara h‐eipistil atá agam d’á scríobhadh chugaibh; agus san dá eipistil atáim ag brostú bhur slán‐aigne agus ag múscailt bhur gcuimhne,


Acht tiocfaidh lá an Tighearna mar ghadaidhe; imtheochaidh na spéartha le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneach, agus dóighfear an talamh agus na h‐oibreacha atá ann.


(Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire).


Acht cheana, congbhuighidh greim ar a bhfuil agaibh, nó go dtagad.


Chuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar an áirde ó n‐ar thuitis, agus déan aithrighe, agus déan do chéad‐oibreacha; nó tiocfad‐sa chugat, agus aistreochad do choinnleoir as a ionad, muna ndéanaidh tú aithrighe.


Agus féach, atáim ag teacht go luath. Is aoibhinn do’n té choimheádas briathra tarngaireachta an leabhair seo.


Atáim ag teacht go luath; congbhuigh a bhfuil agat, chum nach mbainfidh aoinneach do choróin díot.


An méid is ionmhain liom, do‐bheirim achmhusán dóibh agus smachtuighim iad: bí‐se dúthrachtach d’á bhrigh sin, agus déan aithrighe.


Déan faire agus neartuigh na neithe fhanas, atá i mbaoghal báis: óir ní fuaras t’oibreacha iomlán i bhfiadhnaise mo Dhé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí