Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Ó choinnigh tú slán mo bhriathar seo na foighne agus na fadfhulaingthe, coinneoidh mise slán thú ón uair úd na féachana atá le teacht ar an domhan uile, le lucht áitithe an domhain a fhéachaint.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 De bhrigh gur choimheádais briathar m’fhad‐fhulaing, cumhdóchad‐sa thú ar uair an chathuighthe atá le teacht ar an saoghal uile, chum a maireann ar talamh d’fhromhadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Do bhrígh gur choimhéid tú briathar mfoighidesi, do dhéunsa thusa choimhéud ar aimsir an chathuige, noch atá chum teachda ar a tsáoghal uile, chum dearbhtha na druinge áitigheas an talamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 De bhrí gur choinnigh tú focal mʼfhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:10
30 Tagairtí Cros  

Scéin agus clais agus gaiste is ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!


Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”


Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.


Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”


agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.


Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”


Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.


D'fhoilsigh mé d'ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.


Ar dtús gabhaim buíochas le mo Dhia trí Íosa Críost mar gheall oraibh uile de bhrí go bhfuil iomrá ar bhur gcreideamh ar fud an domhain go léir.


Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.


Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán.


Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinn.


An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.


A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail thine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh.


tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,


Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.


agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháidh seo áitritheoirí an domhain.”


“Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”


Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.


Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.


Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa.


Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.


spioraid deamhan iad a bhíonn ag déanamh comharthaí, agus téann siad amach chun ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.


Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.”


“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.


Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.


Is eol dom d'oibreacha. Féach! chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir d'aon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú m'fhocal agus níor shéan tú m'ainm.


Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”


Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí