Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus dʼadhair na daoine an dragún, ó thug sé a chumhacht don bheithíoch allta, agus dʼadhair siad an beithíoch allta, agus deiridís, “Cé tá inchomhraic leis?”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus d’adhradar an dragún, toisc a chumhacht do thabhairt do’n ainmhidhe, g‐á rádh, Cia leis gur cosmhail an t‐ainmhidhe, agus cia h‐é fhéadas cogadh do chur air?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus tugadar onóir don dragún noch tug cumhachda don nainmhidhe, agus tugadar onóir don ainmhidhe, ag rádh, Cía as cosmhuil ris a nianmhidhe? Cía fhéudus cogadh dhéunamh ris?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch dá rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?”

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:4
18 Tagairtí Cros  

Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?


Cé leis a gcuirfidh sibh i gcomparáid agus i gcóimheas mé, cé leis a gcuirfidh sibh mé i gcomórtas agus i gcosúlacht?


is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.


Árrachtaigh mhóra arda clann seo Anácaím mar is eol duit; chuala tú an nath ina dtaobh: ‘Cé a d'fhéadfadh seasamh in aghaidh chlann Anác?’


an t‑áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.


Ansin thaibhsigh an dara comhartha sa spéir, féach, dragan mór dearg le seacht gceann agus deich n‑adharc agus seacht gcoróin ar a chinn.


Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d'fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.


Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.


Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh.


Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa beithre, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht.


Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”


agus chaoin siad go hard nuair a chonaic siad deatach a tóiteáin á rá: “An raibh leithéid eile na cathrach móire ann?”


Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.


A luaithe a chonaic fir Iosrael an fear seo, theitheadar uaidh agus scéin ina gcroí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí