Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Agus bronnadh béal ar an mbeithíoch allta a chuirfeadh briathra díomasacha diamhaslacha as, agus ligeadh an t-ardcheannas leis i gcaitheamh dhá mhí is daichead;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus tugadh béal dó ag labhairt go mór‐mhaoidhteach, masluightheach; agus tugadh de chumhacht dó bheith ag oibriú ar feadh dhá mhí agus dá‐fhichid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus tugadh béul do labhrus neithe mora agus blaisphéimigh; agus tugadh cúmhachda dhó cogadh dhéunamh air feadh dhá mhíos agus dá fhichead.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:5
17 Tagairtí Cros  

Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach.


Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!


Ná mealladh aon duine sibh ar aon tsli, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir d'fhear an oilc é féin a nochtadh - is é sin mac an léirscriosta,


an t‑áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.


Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta.


Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.


Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n‑eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.


Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá.


Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí