Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 D'oscail sé a bhéal do mhaslaí in aghaidh Dé, chun a ainm a mhaslú, agus a áitreabh agus cách a bhfuil a n‑áitreabh acu sna flaithis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 agus dʼoscail sé a bhéal le haithis a thabhairt do Dhia, agus masla a chur ar a ainm agus ar a áitreabh, is é sin, ar mhuintir neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus d’fhoscail sé a bhéal chum masladh do thabhairt do Dhia, agus d’á ainm, agus d’á áitreabh, agus do lucht aitreabha neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do fhosguil sé a bhéul chum Dé mhaslughadh; chum a anma mhaslughadh, agus a thabernacail, agus na druinge áireabhas air neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Dʼoscail sé a bhéal do mhaslaí in aghaidh Dé, chun a ainm a mhaslú, agus a áitreabh agus cách a bhfuil a n-áitreabh acu sna flaithis .

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:6
26 Tagairtí Cros  

Faoi dheireadh d'oscail Iób a bhéal agus chuir a mhallacht ar lá a bhreithe.


Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéal agus triallann a dteanga ar fud an talaimh.


A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?


Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.


Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.


Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh; caint chealgach a bhíonn ar a dteanga agus nimh nathracha faoina mbeola,


Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,


Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha


Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.


Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.


Agus chuala siad guth tréan ó na flaithis á rá leo: “Tagaigí anseo aníos!” Agus chuaigh siad suas chun na bhflaitheas i néal agus a naimhde ag faire orthu.


Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.”


Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b'shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis,


A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”


Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.


Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”


Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.


Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus san fharraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, á rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa ríchathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.”


Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d'oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint;


Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí