Apacailipsis (Taispeántadh) 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do sheasuigh sé ar ghaineamh na mara. Agus do chonnacas ainmhidhe ag teacht aníos as an bhfairrge, deich n‐adharca aige agus seacht gcinn, agus deich gcoróineacha ar a adharcaibh, agus ainmneacha dia‐mhaslaidh ar a cheannaibh. 2 Agus an t‐ainmhidhe do chonnacas, do bhí sé cosmhail le liobard, agus bhí a chosa cosmhail le cosaibh mathghamhna, agus bhí a bhéal cosmhail le béal leomhain: agus thug an dragún a neart, agus a árd‐chathaoir, agus cumhacht mhór dó. 3 Agus do chonnacas ceann d’á cheannaibh mar bhéadh goin bháis air; agus do bhí an bhás‐ghoin leigheasta. Agus do bhí árd‐iongnadh ar an saoghal uile ag dul i ndiaidh an ainmhidhe; 4 agus d’adhradar an dragún, toisc a chumhacht do thabhairt do’n ainmhidhe, g‐á rádh, Cia leis gur cosmhail an t‐ainmhidhe, agus cia h‐é fhéadas cogadh do chur air? 5 Agus tugadh béal dó ag labhairt go mór‐mhaoidhteach, masluightheach; agus tugadh de chumhacht dó bheith ag oibriú ar feadh dhá mhí agus dá‐fhichid. 6 Agus d’fhoscail sé a bhéal chum masladh do thabhairt do Dhia, agus d’á ainm, agus d’á áitreabh, agus do lucht aitreabha neimhe. 7 Agus tugadh de chead dó cogadh do chur ar na naomhaibh, agus buaidh do bhreith ortha: agus tugadh cumhacht dó os cionn gach treibhe, agus pobail, agus teangan, agus cinidh. 8 Agus bhéarfaidh lucht áitreabha na talmhan adhradh dhó, gach duine nach bhfuil a ainmh scríobhtha i leabhar beathadh an Uain do h‐íodhbaradh ó bhunadh an domhain. 9 Aoinneach go bhfuil cluas aige, éisteadh sé. 10 Cibé duine threoruigheas chum daor‐bhroide, is chum daor‐bhroide rachas sé; cibé duine mharbhas le claidheamh, ní foláir a mharbhadh féin le claidheamh. Annso is eadh atá foighid agus creideamh na naomh. 11 Agus do chonnacas ainmhidhe eile ag teacht aníos as an talamh agus dhá adhairc do bhí cosmhail le h‐adharcaibh uain aige, acht do labhair sé mar labharfadh dragún. 12 Agus oibrigheann sé smacht an chéad ainmhidhe ’n‐a fhiadhnaise, agus cuireann sé d’fhiachaibh ar a bhfuil ar talamh ’n‐a gcómhnaidhe ann adhradh do thabhairt do’n chéad ainmhidhe go raibh a ghoin bháis leigheasta. 13 Agus ghníonn sé míorbhailtí móra, chum teine féin do tharraing anuas ó neamh ar an talamh i bhfiadhnaise na ndaoine. 14 Agus meallann sé lucht áitreabha na talmhan leis na miorbhailtibh tugadh le déanamh dhó i bhfiadhnaise an ainmhidhe, g‐á rádh le lucht áitreabha na talmhan íomháigh do dhéanamh do’n ainmhidhe fuair an ghoin ó’n gclaidheamh, agus do mhair beo. 15 Agus tugadh de chumhacht dó anál do thabhairt d’íomháigh an ainmhidhe, chum go labharfadh íomháigh an ainmhidhe, agus chum go ndéanfadh sé an méid daoine nach dtiubhradh adhradh do’n ainmhidhe do chur chum báis. 16 Agus cuireann sé d’fhiachaibh ar an uile dhuine, idir bheag agus mhór, shaidhbhir agus bhocht, shaor agus dhaor, marc do glacadh chuca ar a láimh dheis, nó ar chlár a n‐éadain; 17 agus gan cumas bheith ag aon duine rud do cheannach ná do dhíol, acht ag an té amháin ar a mbéadh marc, nó uimhir an ainmhidhe. 18 Atá gábhadh le h‐aigeantacht annso. An té go bhfuil tuigsin aige, cómhaireadh sé uimhir an ainmhidhe, óir is uimhir duine í; agus is í is uimhir dó, Sé céad, trí fichid, a sé. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society