Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do chonnacas ceann d’á cheannaibh mar bhéadh goin bháis air; agus do bhí an bhás‐ghoin leigheasta. Agus do bhí árd‐iongnadh ar an saoghal uile ag dul i ndiaidh an ainmhidhe;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Bhí cuma ghoin bháis ar aon cheann amháin dá chinn, ach cneasaíodh an ghoin bhásmhar sin, agus chuaigh an saol uile i ndiaidh an bheithígh allta agus iontas orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do chonnairc mé ceann dá cheannuibh amhuil do bhíadh cneadh bháis air; agus do leigheasadh a chneadh bháis: agus do ghabh iongnadh an talamh uile a ndiáigh a nainmhidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:3
15 Tagairtí Cros  

Agus tharla ins na laethibh sin go ndeachaidh reacht amach ó Chéasar August go ndéanfaidhe cómhaireamh ar an domhan uile.


Adubhairt na Fairisínigh, d’á bhrigh sin, eadortha féin, Do‐chí sibh nach bhfuil ag éirghe libh ar chor ar bith: féach, atá an saoghal go léir imthighthe ’n‐a dhiaidh.


Agus do chreid Síomón féin: agus iar n‐a bhaisteadh, d’fhan sé i bhfochair Philib; agus nuair do chonnaic sé cómharthaí agus míorbhailtí móra d’a ndéanamh, bhí iongnadh mór air.


Agus oibrigheann sé smacht an chéad ainmhidhe ’n‐a fhiadhnaise, agus cuireann sé d’fhiachaibh ar a bhfuil ar talamh ’n‐a gcómhnaidhe ann adhradh do thabhairt do’n chéad ainmhidhe go raibh a ghoin bháis leigheasta.


Agus meallann sé lucht áitreabha na talmhan leis na miorbhailtibh tugadh le déanamh dhó i bhfiadhnaise an ainmhidhe, g‐á rádh le lucht áitreabha na talmhan íomháigh do dhéanamh do’n ainmhidhe fuair an ghoin ó’n gclaidheamh, agus do mhair beo.


agus is seacht righthe iad, leis; atá cúig cinn díobh tuitthe ar lár, atá ceann amháin díobh beo, ní fhuil an ceann eile tagtha fós; agus nuair thiocfas sé, caithfidh sé fanamhain tamall beag.


Agus an t‐ainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil ann, is é an t‐ochtmhadh ceann é, agus baineann sé leis na seacht gceannaibh eile; agus atá sé ar an slighe chum léirscriosta.


Atá siad so ar aon chomhairle, agus do‐bheir siad a neart agus a gcumhacht do’n ainmhidhe.


Óir do chuir Dia ’n‐a gcroidheachaibh a thoil do dhéanamh, agus a bheith ar aon chómhairle, agus a ríoghacht do thabhairt do’n ainmhidhe, nó go gcóimhlíontar briathra Dé.


Agus do chonnacas an bhean ar meisce le fuil na naomh, agus le fuil mairtíreach Íosa. Agus ag amharc dom uirthi, tháinig árd‐iongnadh orm.


An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí