Biblia Todo Logo
Véarsaí Bíobla
- Fógraí -


150 Véarsaí Bíobla faoi áthas an Tiarna

150 Véarsaí Bíobla faoi áthas an Tiarna
Nihimiá 8:10

Ann sinn a dubhairt sé ríu, Imthighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní: óir atá an láso náomhtha dar TTIGHEARNA: narab mó bhías doilghios oruibh; óir isé gáirdeachus an TIGHEARNA bhur neart.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 16:11

Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 4:4

Déunuidh gáirdeachas do shíor sa Dtíghearna: a deirim a rís, Déunuidh gáirdeachas.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 15:13

Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 5:11

Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 28:7

Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 15:11

A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:22

Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 61:10

Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 33:21

Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm náomhthasan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 118:24

Isé so an lá do rinne an TIGHEARNA; bíom lúathgháireach agus déanam gáirdeachus ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:16-18

Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 1:8-9

An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar: Ag glacadh chríche bhur gcreidimh, sláinte na nanmann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 126:2-3

Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh. Do rinne an TIGHEARNA neithe móra linne; atamaóid lúathgháireach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 4:7

Do chuiris lúathgháir ann mo chroidhe ní is mo ná a nuáir do mhéuduigh a narbharsan agus a bhfíon.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Habacúc 3:17-18

¶ Má atá nach bláthann an crann fíge, agus nach mó bhías toradh annsa bhfíneamhuin; fáilleachuidh sáothar crainn na holá, agus ni thiubhruid na machaireadha biadh ar bioth úatha; gearrfuighear an tréud amach ón máinrigh, agus ní bhiáid ealbha ar bioth annsua stalladhuibh: Thairis sin gáirdeocha misi annsa TIGHEARNA, sólásfuidh mé a Ndía mo shlánuighthe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 3:1

Tuilleadh eile, a dhearbhraithre, déunuidh gáirdeachas sa Dtíghearna. Go deimhin ní léisg leam na neither céudna do sgríobhadh chuguibh, agus as ní sabhálta dhíbhse é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 12:2-3

Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é. Uimesin maille ré sólás tarrangthaoi uisge as toibreachaibh an tslánuighthe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 97:11-12

Do síoladh solus do nfíréun, agus lúathgháire don díreach a ccroidhe: Lúathgháirighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna; agus moluidh cuimhne a náomhthachda.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 32:11

Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir, sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 10:28

Dóthchus bhus lúathgháire do nfíréun: acht rachaidh furachus an drochdhuine ar meath.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 100:1-2

Deanaidh fuaim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thalamh uile. Déanuidh seirbhís don TIGHEARNA re lúathgháire: tigidh ós coinne a aighthe re gáirdeachus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 14:17

Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 30:5

Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:111

Do ghlac mé mar oighreacht thfíadhnuisese go bráth: óir is sólás dom chroidhe íad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 55:12

Oír rachthaóisi amach maille re meanmuin, agus béarthar amach sibh maille re síothcháin: brisfid na sléibhte agus na cnoic amach romhuibh a gceól, agus buáilfid uile chranna an mhagha a lámha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 68:3

Acht bídís na fíréin lúathgháireach; déindís gáirdeachus ós coinne Dé: agus, bídís meanmnach lé lúathgháire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 144:15

Is sona na daóine, atá annsa riochdsa: as sona na daóine, gha bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 15:16

Do fríth do bhríathra, agus a dúaigh misi íad; agus do bhí do bhríathra dhamhsa na gháirdeachus agus na lúathgháir dom chroidhe, óir do gaireadh hainmsi orum, a THIGHEARNA Día na slógh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 9:2

Biaidh mé lúathgháireach agus gáirdeochad ionadsa: canfad moladh dod ainm, ó thusa is ro áirde.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 92:4

Oír do rinne tú lúathgháireach mé, a THIGHEARNA, le hobairsi: do dhéan gáirdeachus a ngníomhuibh do lámh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 35:9

Agus biáidh manamsa lúathgháireach annsa TIGHEARNA: do dhéanuidh sé gáirdeachus iona shlánughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:3-4

Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 16:22

Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 45:7

Do ghrádhuigh tú fíréuntachd, agus dfúathaigh tú éaigceart: air a nadhbharsin do ungaidh Día, do Dhía fein, thú le hola luathgháire ós cionn do chompánach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 43:4

Agus annsin racha mé go haltóir Dé, go nuige Día luathgháir mo gháirdeachuis: agus, molfad thú ar an ccláirsigh, ó a Dhé mo Dhía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Croinicí 16:27

Atá glóir agus onóir dá lathair; atá neart agus sólás iona ionad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Zacairia 10:7

Agus biáidh Ephraim amhuil duine cumasach, agus gáirdeachuidh a ccroidhe amhuil budh tré fhíon: fós, do chífid a cclann é, agus béid lúathghaireach; agus gáirdeochuidh a ccroidhe annsa TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 13:5

Acht do chuirios mo dhóigh ann do thrócairesi; gáirdeochuidh mo chroidhe ann do shlánughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 97:1

A ta an TIGHEARNA a ríoghacht; bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh a niomad oiléun gáirdeachus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 21:6

Do dhéana tú fós ro bheannuigh é go bráth: do dhéana tú ro lúathghaireach é lé do ghnúis.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 9:3

Dfoirlíon tú an cineadh, agus níor mhéaduigh tú an gáirdeachus: lúathgháirid siad romhad do réir na lúathgháire annsa bhfoghmhar, már gháirdighid daóine a nuáir roinnid a néadáil.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 51:12

Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 2:2

Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 89:15-16

Is beannuighe na daóine dar baithne a nfuáim gháirdeach: a THIGHEARNA, siubholuid, a solus do ghnúise. Do dhéanaid gáirdeachus ann hainmse air feadh an laói: agus ann thfíréantachd áirdeochthar íad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 25:9

Agus a déarthar annsa lósin, Féuch sé so ar Ndía; do fheitheamar air, agus sláineocha sé sinn: sé so an TIGHEARNA; do fheitheamair air, agus bíam lúathghaireach agus gáirdeochum iona shlánughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 47:1

Buailidh bhur mbasa, sibhsi uile a phobal; déanuidh gáirdeachus chum Dé re guth caithréime.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 17:13

Achd atáim a nois ag teachd chugadsa, agus labhraim na neithesi ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháirdeachas iomlán ionntasan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 40:16

Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadighthear an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:12

Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Zafainiá 3:17

Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 10:20

Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 126:5-6

An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire. An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 4:13

Achd go madh haóibhinn libh, sibh féin fo bheith pártach ré buáidhearthuibh Chríosd; ionnus, go mbiáidh gáirdeachas agus meanma mhór oruibh mar an gcéudna, an tan fhoillséochar a ghlóirsion.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 16:9

Uime sin atá mo chroidhe lúathgháireach, agus gáirdighidh mo ghlóir: coimhneochuidh mo cholann mar an ccéadna a ndóthchus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:12

Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 7:4

As mór an dánachd labhairt do ním oruibh, is mór mo gháirdeachas ar bhur son: atáim lán do mheanma, is ró líonta mé do gháirdeachas ann ar nuile bhuáidhirt.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 149:2

Déanadh Israel lúathgháire iona crúthaightheóir: déindís clann Shíon sólás ann a Rígh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 15:7

A derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 51:11

Uimesin fillid fúascailtigh an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Sion maille ré céol; agus biáidh sólás suthain ar a ccionn: do gheabhuid lúathgháir agus gáirdeachus; agus teithfidh dóbrón agus dólás uatha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 2:46

Agus ag fanmhuin, gach láoi déantoil ann sa teampoll, agus ag briseadh aráin ó thigh go tigh, do chaithdís bíadh maille lé gáirdeachas agus lé simplidheachd chroidhe,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 71:23

Do dhéana mo bhéul lúathgháire mar chanfad sailm dhuit; agus manam, noch dfúascuil tú.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 41:16

Cáithfidh tú íad, béaruidh an ghaoth lé íad, agus cráobhsgaóilfe an gháoth ghuáirdeáin íad: agus gáirdeochuidh tusa annsa TIGHEARNA, agus do dhéana tú gloir a Náon Náomhtha Israel,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 1:25

Agus atá a fhios dearbhtha so agum go bhfanfad agus go ndéunad comhnuidhe bhur bhfochairse uile, chum sibhse chur ar bhur nadhuigh, agus chum gáirdeachais créidimh;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 66:1

Deanuidh fuaim lúathgháireach do Dhía, a thíortha uile:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 13:52

Agus do líonadh na deisciobal do gháirdeachas, agus don Spiorad Náomh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 63:7

Do bhrígh go rabhuis mar chabhair agam, agus do dhéan gáirdeachus a sgáile do sciathán.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 30:11

Diompóigh tú mó dhóbhrón a damhsa dhamh: do chuiris díom mo shaicéadach, agus do choimhcheangluis mé lé lúathgháir;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 31:13

Annsin gháirdeochus an mhaighdion annsa damhsa, na daóine óga araon agus na seanóiridhe: óir fillfidh misi a ngúbha a ngáirdeachus, agus coibhreocha mé íad, agus do bhéara mé orra sólásughadh ó na ndólás.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 35:10

Agus fillfid an mhéid fhúasglas an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeachus síorruidhe ar a cceannuibh: glacfuid síad gáirdeachus agus lúathgháir, agus teithfidh dóbrón agus osnadhach úatha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 12:20

Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 132:16

Agus fós éideochuidh mé a sagairt ré slánughadh: agus do dhéanaid a naóimh gáirdeachus ré lúathgháire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 65:18-19

Acht bíthíse lúathghaireach agus gáirdighidh go síorruidhe annsa ní chruthaighim: óir, féuch, cruthuighim lúathgháir Dierusalem, agus sólás dá pobal. Agus gáirdeochuidh misi ann Ierusalem, agus solasfuidh mé ann mo phobal féin: agus ní ccluinfíghear gúth an ghola innte ní sa mhó, nó fuáim na ccomharc.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 15:32

Ionnus go madh héidir leam teachd chugaibhse maille ré gáirdeachus do thoil Dé, agus furtachd dfagháil dhamh má ráon ribh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 17:22

Foghnuidh croidhe súgach amhuil leighios: acht tiormuighidh spiorad briste na cnámha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 1:47

Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 34:5

Dféuchadar chuige, agus do shoillsíughadh íad: agus ní raibh náire ar a naighthibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 98:4

Déan fuáim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thaluimh uile: deán fuáim thaighiúir, déan gáirdeachus, agus cán salm.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 44:23

Canuidh, a neamha; óir do rinne an THIGHEARNA é: gáiridh, a chodcha íochtaracha na talmhan: brisigh amach a cceol, a shléibhte, a fhoraóis, agus gach crann ionnad: óir dfúasgail an TIGHEARNA Iácob, agus do ghlóruidh sé é féin a Nísrael.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 8:8

Agus do bhi gáirdeachus mór sa gcathraighsin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 1:6

Agus do rinneadh luchd leanmhana dhúinne, agus don Tíghearna dhíbh, ar ngabháil na breithre chuguibh a mbuáidhirt mhóir, maille ré gairdeachas an Sbiorad Naóimh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 14:27

Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:11

Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 49:13

¶ Canuidh, a fhlaitheasa; agus bí súgach, a thalaimh; agus a shléibhte, brisidh amach a ccéoil: óir do chobhruigh an TIGHEARNA a phobal, do dhéana sé grása air a thrúaghaibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 66:1-2

Deanuidh fuaim lúathgháireach do Dhía, a thíortha uile: Oír do dhearbhuidh tú sinn, a Dhé: do theastuidh tú sinn, do réir théastuighthe a nairgid. Thug tú a steach san líon sinn; do chuir tú cumhgach air ar leasrachaibh. Thug tú air dháoinibh marcuigheachd do dhéanamh air ar gceann; do chuamar thríd theine agus uisge: achd do thugaisse amach sinn go hionad shaídhbhir. Rachad a steach ann do thigh re hiodhbarthaibh loisge: coimhlíonfad duitsi mo mhóide, Noch do admhuigh mo phuisíne, agus do labhair mo bhéul, a nuáir do bhí amhgar oram. Iodhbartha loisge méithealluigh toirbheorad dhuit, ré húsga reitheadh; do dhéan na daimh réidh, agus na gabhair fhirionna. Selah. Tigidh, sibhsi ler beagal Día, agus inneosad cred do rinne sé ar son manma. Chuigesion do ghoireas rem bhéul, agus do hárdughadh é rem theangaidh. Má chím urchoid am chroidhe, ní chluinfidh an TIGHEARNA: Acht go deimhin do chúalaidh Día mé; thug sé aire do ghuth murnaigh. Canuidh re salmhuibh glóir a anma: tabhraidh glóir dhá mholadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 89:12

Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 95:1-2

Tagaidh, déanam lúathgáire chum an TIGHEARNA: déanam fuáim gháirdeach do charraic ar slánuighthe. Do bhí mé dhá fhithchiod blíadhan air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso, agus a dubhras, Is pobal seachránach a gcroidhe íad, agus níor bhaithne dhóibh mó shlightheacha: Dar mhionnuighios ann mfeirg, nach rachaidís a steach dom shuaimhneas. Tagam do lathair a aighthe ré tabhairt buidheachuis, agus déanam fuáim lúathgháireach chuige ré Salmuibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 1:4

Agus sgríobhamáoid na neithese chuguibh, chum bhur ngáirdeachais do bheith iomlán.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Samúéil 2:1

Agus do ghuidh Hannah, agus a dubhairt, Atá mo chroidhe solásach annsa TIGHEARNA, do hárduigheadh madharc annsa TIGHEARNA; do fairsingeadh mo bhéul ós cíonn mo námhad; do chionn go ngáirdighim ann do shlánughadhsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 64:10

Do dhéana an fíréun lúathgháir annsa TIGHEARNA, agus cuirfe a dhóigh ann; agus do dhéanaid a nuile díreach a ccroidhe glóir.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 67:4

Do dhéanaid na cineadhacha lúathgháire agus béid gáirdeach: óir do dhéanair breitheamhnus air na daóinibh go ceart, agus tréorochuir na cineadhacha aír talamh. Selah.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 16:34

Agus ar na mbreith leis dó dhá thigh féin, do chuir sé bhiadh na bhfíadhnuisi, agus do rinne sé gairdeachus, é féin agus a thigh uile ag creideamh a Ndía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 52:9

¶ Brisigh amach a ngáirdeachus, canuidhse lé chéile, a áite fásuigh Ierusalem: óir do chobhruidh an TIGHEARNA a dhaóine, dfúascail sé Ierusalem.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 97:12

Lúathgháirighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna; agus moluidh cuimhne a náomhthachda.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Tiomóid 1:4

Ar mbeith dhamh fonnmhar thusa dfaicsin, an tan chuímhnighim ar do dhéuruibh, ionnus go mbéinn líonta do gháirdheachas;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 12:6

Eígh súas agus gáir, thusa a áitreabhach Síon: óir is mór Aon Náomhtha Israel ad mheadhón.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 126:1-2

Anuair do thug an TIGHEARNA braighdionas Síon air ais, bá cosmhuil sinn leis a ndroing do chídh aisling. Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 23:24

Is mór lúathgháirfios athair a nionnruic: agus an té gheineas leanamh críonna do gheabh sé sólás úadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 132:9

Bídis do shagairt éaduighthe le fíréantachd; agus déindís do naóimh lúathgháire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 61:3

Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 4:1

Uime sin, a dhearbhraithre dílghrádhacha dá bhfuil toil mo chroidhe, mo sholas agus mo choróin, seasuidh mar so sa Dtíghearna, a dhearbhráithre dílghradhacha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 37:4

Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 12:2

Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 62:5

Oir amhuil phósas ógánach maighdion, is marsin phósuid do mhic thusa: agus mar gháirdigheas an fear núadhphosta ós a mhnaói núadphósta, marsin gháirdigheas do Dhía ós do chionnsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:28

Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 63:5

Sáiseochthar manam mar budh le méathus agus le smior; agus re puisinibh gairdeacha mholfas mo bhéul thú:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Croinicí 16:10

Déunuidh glóir iona ainm naómhtha: bíodh gáirdeachus ar chroidhthibh na ndáoine íarrus an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 15:23

Sólásaighear duine le freagra a bhéil féin: agus an focal labharthar iona am féin, cred é méud a mhaitheasa!

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 16:8-9

Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé. Uime sin atá mo chroidhe lúathgháireach, agus gáirdighidh mo ghlóir: coimhneochuidh mo cholann mar an ccéadna a ndóthchus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 13:6

Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 70:4

Bídís lúathgháireach agus gáirdeach íonnadsa gach áon íarrus thusa: аgus abraidís a ccómhnuidhe gach a ngrádhuigheann do shlánughadh, Go móruighear Día.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Zacairia 8:19

Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Biáidh troscadh an cheathramhadh mí, agus troscadh an chúigeadh, agus troscadh an seachdmadh, agus troscadh an deachmhadh, na gháirdeachus, agus na lúathgháir, agus na bhféustuighibh subhacha do thigh Iúdah; ar a nadhbharsin grádhuighidh fírinne agus síothcháin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 11:23

Agus ar dteachd dhó, agus ar bhfaicsin ghrása Dé, do ghabh gáirdeachus é, agus do theaguisg sé íad uile, fá anmhuin a bhfochair an Tighearna ré rún croidhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 51:8

Do bhéarair orum gáirdeachus agus lúathgháir do chlos; chum go ndéindís na cnámha noch do bhris tú luathgháire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 1:4

Ag sídhéunamh úrnuighe maille ré gáirdeachus um uile ghuidhe ar bhur sonnsa uile,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 85:6

Nach ndéanair sinne bhéoghudh a rís: ionnus go ndéunaid do dhaoine lúathgháire ionnad?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Ióéil 2:23

Bíthí meanmnach maseadh, a chlann Sion, agus lúathghairighidh annsa TIGHEARNA bhur Ndía: óir thug sé an cheidfhearthuinn díbh go measardha, agus do bheara sé air an bhfearthuinn teachd a núas chugaibh, an cheidfhearthuinn, agus a nfearthuinn dheighionach annsa chéidhmhí.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 20:20

Agus ar na rádh so dhó, do thaisbéin sé a lámha agus a tháobh dhóibh, Uime sin do bhí gáirdeachus ar na deisciobluibh, an tan do chunncadar an Tighearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 15:13

Do ní chroidhe súgach gnúis shuilbhir: acht lé dóbhrón an chroidhe bristear an spiorad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 21:1

A THIGHEARNA, ann do neartsa dhéanas an righ gairdeachus; agus cred é a lúathgháirigh bhías sé ad shlánughadh!

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 90:14

Sásaidh sinn go moch red thrócaire; agus do dhéanam lúathgháire agus gáirdeachus air feadh ar sáoghail.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 32:7

Is tú mionad foluigh; coiseonuidh tú mé ó bhuáidhreadh; ré gáirdeachus sáortha tiucfuir fá ccuáirt am thimchioll. Selah.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 3:18

A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 48:11

Déanadh slíabh Síon gáirdeachus, bídís ingheana Iúdah fólásach, do bhrígh do bhreitheamhnusa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 25:21

Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 24:52

Agus ar na onóruighadh dhóibhsean, dfilleadar go Híarusalém maille le gáirdeachus mór:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:34

Oír do bhabhair ag fulang má ráon ríomsa um ghéibheannuibh, agus do ghabhabhair chuguibh go luathgháireach fádhbhadh bhur máoine, ar mbeith a fheasa aguibh ionnuibh féin go bhfuil maóin shíorruidhe as fearr ná sin aguibh ar neamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:162

Gáirdighim red fhocal, mar an té do gheibh móiréadail.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 126:3

Do rinne an TIGHEARNA neithe móra linne; atamaóid lúathgháireach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 35:2

Bláthochuidh sé go líonmhar, gáirdeochuidh sé fós lé lúathgháir agus le céol: do bhéarthar glóir Lebanon dó, oirdhearcus Charmel, agus Sháron, do chífid síad glóir an TIGHEARNA, agus oirdhearcus ar Ndénne.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:23

Déunuidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 65:13

Atáid na hinbhir éaduighthe re tréaduibh; agus na gleanta a bhfolach ré harbhar; béicid lé lúathgháir, agus fós canuid.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 4:7-8

Ag rádh is beannuighe an dream agá bhfuil a ndroichghníomhartha ar na maitheamh dhóibh, agus agá bhfuilid a bpeacuigh ar na bhfolach. Is beannuighe an té ag nach ccuírfí an Tighearna peacadh na leith.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 2:28

Dfoillsigh tú dhamhsa slighthe na beatha; líonfuidh tú mé do ghairdeachus léd ghnúis féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 43:5

Cred fa tteilgionn tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfad é fós, sláinte maighthe, agus mo Dhía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 105:43

Agus thug se leis amach a mhuinntír lé gáirdeachas, a dháoine toghtha lé lúathgháire:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 32:41

Aseadh, gáirdeocha mé ós a ccionn do dhéanamh maitheasa dhóibh, agus pláinndeocha mé annsa dúthaigh íad go deimhin maille rém uile chroidhe agus rem uile anam.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Nihimiá 12:43

An lásin mar an gcéadna dofráladar íodhbartha móra, agus do gháirdigheadar: óir thug Día orra gáirdeachus do dhéanamh lé sólás mór: agus do rinneadar na mná agus na leinibh mar an gcéadna luathgháir: iondus gur chlos gáirdeachus Ierusalem a cceín.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 15:23-24

Agus tuguidh libh agus marbhuidh, an láogh bíadhta; agus caitheam biadh, agus bíom go súgach: Oir fuáir mo mhac ann so bás, agus do aithbhéodhuigh sé: agus do chúaidh sé a mugha, agus friíth é. Ar a naddhbhar, sindo thionnsgnadar bheith go sugach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 138:5

Agus do dhéanaid céol a slighthibh an TIGHEARNA: óir is mór glóir an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 8:2

Eadhon a ngáirdeachas líonmhar sa mbuaidhirt mhóir lér dearbhadh íad agus gur líon a mbochduine ro mhór chum saidhbhris a ndáonachd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Iúd 1:24-25

Fá dheóigh don tí lér féidir bhur gcoimhéud ar oilbhéim dfagháil, agus bhur gcur a bhfíadhnuise a ghlóire féin gan choir ar bith maille ré rogháirdeachais, Don náon Ndía eagnuighe na áonar ar Slánaightheóir, glóir agus mórghachd, neart agus cúmhachda, a nois agus go sáoghal na sáoghal. Amén.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 3:29

An té aga bhfuil an bhean núaphósda as é an fear núaphosda é: achd cara an fhir núaphósda, noch sheasas agus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda: ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 12:7

Agus is annsin iostaói a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA bhur Ndía, agus do dhéantaoi gáirdeachus ion gach uile ni dá ccuirfighe bhur lámh ann, sibh féin agus bhur muinntir, mar ar bheannuigh an TIGHEARNA bhur Ndía sibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 65:14

Féuch, canfuid mo sheirbhísigh lé lúathgháir chroidhe, achd comhaircfidhesi le doilghios chroidhe, agus núallfúidhe le buáidhirt spioruide.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 45:15

Do bhéarthar íad maille ré lúathgháir agus gháirdeachus: tiucfuid go pálás an rígh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:2

Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 30:12

Ionnus go ccanfadh mo ghlóir moladh dhuitsi, agus gan bheith am thochd. O а THIGHEARNA mo Dhía, do bhéarad buidheachus riot go bráth.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 1:2

A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 1:6

An ní ann a bhfuil sibhse ag déunamh gáirdeachais, bíodh go bhfuil sibh a nois ré sealad, má atá na riachdanus, fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lean orainn:

Fógraí


Fógraí