Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Filipigh 4:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m'aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Go mba mar sin a sheasfaidh sibh amach sa Tiarna, a lucht mʼansachta, a bhráithre agam, a bhfuil mo dhúil ionaibh agus cumha orm in bhur ndiaidh, a ábhar mo lúcháire, a choróin mo chinn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, a bhráithre ionmhaine ’n‐a bhfuil dúil mo chroidhe, agus atá mar bhród agus mar choróin agam, seasaidh go daingean san Tighearna, a cháirde dílse.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Uime sin, a dhearbhraithre dílghrádhacha dá bhfuil toil mo chroidhe, mo sholas agus mo choróin, seasuidh mar so sa Dtíghearna, a dhearbhráithre dílghradhacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na páirte, ós sibh-se mʼaoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.

Féach an chaibidil Cóip




Filipigh 4:1
35 Tagairtí Cros  

Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne, Caithfidh mé ar mo ghualainn é, Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin;


Amhrán Oilithreach. 1 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu, is cosúil le Sliabh Shíón iad - sliabh nach féidir a bhogadh, ach a sheasfaidh go brách.


Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna.


Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.


Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,


Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.


ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”


Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.


An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;


Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.


Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma.


Agus tá súil agam go dtuigfidh sibh go hiomlán ar ball an ní a thuigeann sibh go pointe áirithe anois, is é sin, go bhféadfaidh sibh bheith chomh mórálach céanna asainn lá an Tiarna Íosa agus a bheimidne asaibhse.


D'fhonn is go mbeimis saor is ea a d'fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair.


Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost. Sa tslí sin, cibé acu a thagaim do bhur bhfeiceáil nó a bheidh mé i bhfad uaibh, beidh sé le clos agam in bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh an fhóid san aon spiorad agus ag troid gualainn ar ghualainn d'aontoil ar son chreideamh an dea-scéil,


Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.


mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agamsa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar.


Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.


Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.


Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.


Seasaigí an fód go daingean dá bhrí sin, a bhráithre, agus coinnigí an teagasc a d'fhoghlaim sibh uainne le briathar béil nó trí bhíthin litreach.


Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.


Coinnímis greim daingean dobhogtha ar an dóchas a admhaímid a bheith againn, mar is dílis an té a thug na gealltanais uaidh.


Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh.


Ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh.


Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí