Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 1:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfaí mo chroí le háthas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Nuair a chuimhním ar do dheora, bím ag dúil oíche is lá le dʼfheic-eáil, ionas go mbeinn lán dá lúcháir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 ag tnúth let’ fheicsin, ag athchuimhneamh ar do dheoraibh: chum go líonfar mé de gháirdeachas;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ar mbeith dhamh fonnmhar thusa dfaicsin, an tan chuímhnighim ar do dhéuruibh, ionnus go mbéinn líonta do gháirdheachas;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfar mo chroí le háthas.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:4
19 Tagairtí Cros  

An dream a chuireann síol le deora, bainfidh siad an fómhar faoi ghairdeas.


agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.


Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince, déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir]; fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas; tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás;


Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.


Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm. Iarraigí agus gheobhaidh sibh, chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.


go raibh mé i mo sheirbhíseach lándeorach don Tiarna ainneoin gach cros dár rug orm trí chealga na nGiúdach;


Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d'oíche agus na deora i mo shúile.


Mar is fada liom go bhfeicfidh mé sibh chun tíolacadh éigin spioradálta a roinnt libh d'fhonn sibh a neartú,


Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.


Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.


Maidir linn féin, a bhráithre, ní rabhamar scartha libh ach tamall beag aimsire - as raon ár súl a bhí sibh ach ní as raon ar gcroí - nuair a tháinig dúil rómhór orainn bhur ngnúis a fheiceáil arís.


Déan do dhícheall teacht roimh an ngeimhreadh. Cuireann Eubúlas agus Púdaes agus Líonas agus Clóide agus na bráithre ar fad a mbeannacht chugat.


Déan do dhícheall teacht chugam go luath.


Agus scríobhaimid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir.


Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”


Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí