Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Séamas 1:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Ná bíodh sé ach ina chúis áthais agaibh, a bhráithre, nuair a thagann nithe éagsúla oraibh le bhur mbuaireamh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Ná measaidh acht gur adhbhar áthais ar fad é, a bhráithre,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe,

Féach an chaibidil Cóip




Séamas 1:2
21 Tagairtí Cros  

D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.


Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid,


Mar tá sé faighte de phribhléid agaibhse as ucht Chríost ní amháin creideamh a bheith agaibh ann ach fulaingt ar a shon chomh maith.


Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile.


Bíodh an t‑áthas céanna oraibhse agus déanaigí comhghairdeas liomsa.


Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.


Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.


Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.


A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh.


Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,


Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.


tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,


Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí