Séamas 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Séamas, seirbhíseach Dé agus an Tighearna Íosa Críost, chum an dá threibh dhéag atá ar deoraidheacht, beatha agus sláinte. 2 Ná measaidh acht gur adhbhar áthais ar fad é, a bhráithre, 3 nuair thuiteas sibh i gcathuighthibh éagsamhla; agus a fhios agaibh go dtugann frómhadh bhur gcreidimh seasmhacht. 4 Agus leigidh do’n tseasmhacht a toradh do thabhairt chum críche, chum go raibh sibh lán‐fhoirbhthe, iomlán, gan éinnidh bheith i n‐easnamh oraibh. 5 Má bhíonn aon duine agaibh i n‐uireasbaidh eagna, iarradh sé ar Dhia í; is é do‐bheir go fial do chách, gan aithbhear; agus do‐bhéarfar dó í. 6 Acht iarradh sé le creideamh, gan aon amhras bheith air: óir an té go mbíonn amhras air, is cosmhail é le tuinn fairrge bhíos d’á luascadh ag an ngaoith, agus d’á suathadh anonn agus anall. 7 Ná measadh a leithéid sin de dhuine go bhfaighidh sé rud ar bith ó’n Tighearna: duine dá‐intinneach, 8 corrach ’n‐a shlighthibh uile is eadh é. 9 Déanadh an bráthair uiríseal bród toisc é bheith d’á árdú, agus déanadh an fear saidhbhir bród toisc gur íslightear é: 10 óir imtheochaidh sé ar nós bláith an fhéir. 11 Óir éirigheann an ghrian le teas dian‐loiscneach, agus seargann sí an féar, go dtuiteann a bhláth, agus go dtéigheann maise a dheallraimh i n‐éag: mar sin, is eadh, rachaidh an duine saidhbhir i n‐éag ’n‐a chúrsaibh. 12 Is aoibhinn do’n té sheasuigheas cathuighthe go foighdeach: óir tar éis a fhrómhtha gheobhaidh sé coróin na beathadh, atá geallta ag an Tighearna do na daoinibh ghrádhuigheas é. 13 Ná h‐abradh aoinneach, nuair curtar cathuighthe air, Is ó Dhia curtar cathú orm: óir ní féidir cathú chum uilc do chur ar Dhia, ná ní chuireann sé féin cathú ar aoinneach: 14 acht is amhlaidh curtar cathú ar gach duine nuair tharraingeas agus bhréagas a ainmhianta féin é. 15 An ainmhian annsin, nuair gheineas sí, beireann sí peacadh: agus an peacadh, nuair aibightear é go h‐iomlán, beireann sé bás. 16 Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, a bhráithre ionmhaine. 17 Is ó’n áirde thuas atá gach deagh‐thabhartas agus gach tíodhlacadh iomlán, ag teacht anuas ó Athair na soillse, nach dtagann claochlodh ar bith air, ná athrú ó sholas go dorchadas. 18 Is d’á thoil féin do ghein sé le briathar na fírinne sinn, chum go mbéimís mar chéad‐thortha a bhfuil cruthuighthe aige. 19 Is eol daoibh an méid sin, a bhráithre ionmhaine, acht bíodh gach duine luath chum éisteachta, mall chum labhartha, mall chum feirge. 20 Óir ní oibrigheann fearg an duine fíréantacht Dé. 21 Uime sin, ag cur gach neamh‐ghlaine agus droch‐aigne iomarcaighe dhíbh, glacaidh le ceannsacht an briathar atá plannduighthe ionnaibh, fhéadas bhur n‐anmanna do shlánú. 22 Acht cuiridh an briathar i ngníomh, gan bheith ’n‐bhur lucht éisteachta amháin, gh’‐bhur mealladh féin. 23 Óir má éisteann aoinneach leis an mbriathar, gan gníomh do dhéanamh d’á réir, atá sé cosmhail le duine ag amharc ar a ghnúis nádurtha féin i scathán: 24 óir tar éis é féin do bhreathnú, imthigheann sé, agus ar ball do‐ghní sé dearmad ar cad leis gur cosmhail é féin. 25 Acht an té dhearcas isteach san dlighe beacht, dlighe na saoirse, agus leanas ag dearcadh, gan bheith ’n‐a éistightheoir dearmadach, acht ’n‐a fhear gníomh do dhéanamh, beannóchar an duine sin ’n‐a ghníomh. 26 Má mheasann aoinneach nach gcuireann srian le n‐a theangain, gur duine cráibhtheach é, acht bhíos ag mealladh a chroidhe féin, is cráibhtheacht gan brigh atá ag an duine sin. 27 Is í is fíor‐chráibhtheacht i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar, cuairt do thabhairt ar na dílleachtaibh agus ar na baintreabhachaibh i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoghal a thruailliú féin. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society