Iósua 10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil X. Iosua, ar tarrthail Ghibeon o na cúig ríghthibh, sdad an ghrian agus an ghealach láoi iomlán a lár neimhe. 1 Anois táinic a ccrích, a núair do chúaluidh Adonísedec righ Ierusalem mar re ghabh Iosua Ai, agus gur dhíothlaithrigh sé thríd amach í; mar do rinne re Iericho agus re na rígh, marsin do rinne re Hái agus re na righ; agus mar do rinneadar muintir Ghibeon síth ré Israel, agus mar do bhádár na measg; 2 Gur eagluigheadar go mór, do bhrígh go raibh Gíbeon na cathruigh mhóir, mar aon do na caithreachaibh ríoghamhla, agus do chionn gur mhó í ná Ai, agus go rabhadar a daoine uile láidir. 3 Uimesin do chuir Adonisedec rígh Ierusalem fios go Hoham righ Hebron, agus go Píram rígh Iarmut, agus go Iophia rígh Lachis, agus go Debir rígh Eglon, gha rádh, 4 Tigidh suas chugamsa, agus cuidighe liom lé mbúailfimís Gibeon: óir do rinne sé síth re Iosua agus re cloinn Israel. 5 Ar a nádhbharsin do chruinnigheadar cúig ríghthe na Namoriteach íad féin a cceann a cheile, rígh Ierusalem, rígh Hebron, rígh Iarmut, rígh Lachis, rígh Eglon, agus do chúadar súas, iad féin agus a slóigh uíle, agus do chomhnuigheádar a naghuidh Gibeon, agus do rinneadar cogadh na haghaidh. 6 ¶ Agus do chuireadar muintir Ghibeon fios chum Iosua don champa go Gilgal, gá rádh, Ná mainneachdnuigh do lámh ód sherbhíseachuibh; tárr chuguinn tráth, agus sáor sinn, agus tárthuigh sinn: oir atáid na ríghthe nan Amoriteach áitreabhus air na sléibhtibh uile ar ccruinniughadh ar naghuidh. 7 Annsin do chuáidh Iosua súas ó Ghilgal, é féin, agus a luchd coguidh uile ná fhochair, agus na gaisgidh neartmhara uile. 8 ¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Ná heagluighthear thú rompa: óir do sheachuid misi ad laimh íad; ní sheasfa duine dhíobh romhad. 9 Tháinic Iosua ar a nadhbharsin chuca go hobann, agus do chuáidh sé súas ó Ghilgal ansa noidhche, 10 Agus do chlaóidh an TIGHEARNA íad roímhe Israel, agus do mharbh íad re hár mór a Ngibeon, agus do thiomáin íad ar fud na sligheadh théid súas go Betóron, agus do bhúaileadar íad go Asecah, agus go Macedah. 11 Agus tárla, mar do bhádar ag teithiomh roimhe Israel, agus iad ag dul ré fanuidh go Betóron, gur theilg an TIGHEARNA clochá móra a núas ó neamh orra go nuige Asecah, agus gur marbhadh íad: ba mó an mhéid do marbhadh le cloichshneachda dhíobh, ná ar mharbhadar clann Israel leis an ccloidheamh. 12 ¶ Ann sin do labhair Iosua ris an TTIGHEARNA an sa lá thoirbhir an TIGHEARNA na Hámorítigh súas roimhe chloinn Israel, agus a dubhairt sé a radharc Israel, A ghrían, fan ad chomhnuighe ar Ghibeon; agus a ghealaidh, a ngleann Aialon. 13 Agus dfan an ghrían na sheasamh, agus do sdad an ghealach, no gur dhioghladar na dáoine íad féin air a námhuidh. Nach bhfuil so scríobhtha a leabhar Iaser? Mar sin dfan an ghrían na sheasamh a lár neimhe, agus nior dheifrigh ar dhul fáoi timchioll laoí iomláin. 14 Agus ní raibh éanlá ríamh cosmhuil ris sin roimhe nó na dhiáigh, gur éist an TIGHEARNA re guth duine: óir do throid an TIGHEARNA ar son Israel. 15 Agus dfill Iosua, agus Israel uile maille ris, don champa go Gilgal. 16 ¶ Ach do theithiodar na cúig righthesi, agus do dfoluigheadar íad féin a núamhuigh ag Macedah. 17 Agus do hinniseadh sin do Iosua, ghá rádh, Do fríth an cúigear righthe a núamhuigh ag Macedah. 18 Agus a dubhairt Iosua, Iompóidh clocha móra ar bhéul na húamha, agus cuirigh dáoine láimh ría dhá ccoimhéad: 19 Ach ná fanuighsi, leanuidh a ndiaigh bhur námhad, agus búailidh a ndeireadh; ná léigidh dhóibh dul a steach da gcaithreachuibh: óir do thoirbhir bhur TTIGHEARNA Día ann bhur lamhuibh íad. 20 Agus tárla, a núair do chriochnuigh Iosua agus clann Israel a marbhadh lé hár ro mhór, nó gur sgriosadh íad, go ndeachadar an mhéid do mhair díobh a steach a gcaithreachaibh daingne. 21 Agus do fhilleadar an pobal uile don champa go Iosua a Macedah a síothcháin: níor chorruidh éanduine a naghaidh áoin do chloinn Israel. 22 ¶ Annsin a dubhairt Iosua, Oscluigh béul na húamha, agus tabhair chúgam amach na cúig righthe sin as a núamhaigh. 23 Agus do rinneadar mar sin, agus tugadar na cúig ríghthe sin chuige amach as a núamhuigh, rígh Ierusalem, rígh Hebron, rígh Iarmut, rígh Lachis agus rígh Eglon. 24 Agus tárla, a núair thugadar na righthesin amach go Iosua, gur ghoir Iosua ar fhearuibh Israel uile, agus a dubhairt sé re caiptínibh an luchd cogaidh do chúaidh leis, Druididh a leith, cuirfidhe bhur ccosa ar mhuinealuibh na rioghso. Agus tangadar láimh ris, agus do chuireadar a ccosa ar a muinealuibh. 25 Agus a dubhairt Iosua riú, Ná húambnuighthear sibh, agus ná bithí imshuíomhach, bíthí láidir agus láinbhéodha: óir is marso do dheana an TIGHEARNA ré bhur naimhdibh uile re a ttroidfigh: 26 Agus na dhiáighsin do bhúail Iosua íad, agus do mharbh sé íad, agus do chroch sé ar chúig crannuibh íad: agus do bhádar crochta ar na crannuibh go tráthnóna. 27 Agus tárla a nam dul faói na gréine, gur fhúagair Iosua, agus tugadar a núas as na crannuibh íad, agus do theilgeadar an sa núamhuigh íad mar a rabhadar a bhfolach, agus do chuireadar clocha móra a mbéul na húamha, noch mhairios gus a niugh. 28 ¶ Agus an lá céadnasin do ghabh Iosua Macedah, agus do bhúail í le faobhar an chloidhimh, agus a rígh do mharbh sé thríd amach, íad féin, agus a raibh danmannuibh inte; níor léig sé aon díobh as: agus do rinne sé ré rígh Mhacedah mar do rinne re rígh Iericho. 29 ¶ Annsin do ghlúais Iosua ó Mhacedah, agus Israel uile maille ris go Libnah, agus do throid sé a naghaidh Libnah: 30 Agus do thoirbhir an TIGHEARNA í mar an gcéudna, agus a rí, a láimh Israel; agus do bhúail se í lé fáobhar an chloidhimh, agus a raibh danmannuibh inte; níor léig sé áon díobh as dá raibh inte; agus do rinne sé ré na rígh mar do rine re rígh Ierícho. 31 ¶ Agus do ghluáis Iosua ó Libnah, agus Israel uile maille ris go Lachis, agus do champuigheadar na haghaidh, agus do throideadar na haghaidh: 32 Agus do sheachuid an TIGHEARNA Lachis a láimh Israel, noch do ghabh í an dara lá, agus do bhuail í le fáobhar an chloidhimh, agus a raibh danmannuibh inte, do réir a nuile neithe do rinneadar re Libnah. 33 ¶ Annsin thainic Horam rígh Geser súas do chongnamh le Lachis; agus do bhuáil Iosua é féin agus a mhuintir, no gur fhág gan eanduine béo é. 34 ¶ Agus do ghluáis Iosua ó Lachis go Heglon, agus Israel uile maille rís; agus do shuigheadar a ccampa re na huchd, agus do throideadar na haghuidh: 35 Agus do ghabhadar í an lá sin, agus do bhuaileadar í lé fáobhar an chloidhimh, agus a raibh danmannuibh innte do marbhadh íad an lá sin, do réir gach éainneithe dá ndéarnadh ré Lachis. 36 ¶ Agus do chuáidh Iosua súas ó Eglon, agus Israel uile maille ris, go Hébron; agus do throideadar na haghaidh: 37 Agus do ghabhadar í, agus do bhuaileadar í lé faobhar an chloidhimh, agus a rígh, agus a caithreacha uile, agus a nuile anam dá raibh inte; níor fhág éanduine béo dhíobh, do réir a nuile ní dá ndearnadh re Heglon; ach do scríos go hiomlán í, agus a raibh danmannuibh inte. 38 ¶ Agus do fhill Iosua, agus Israel uile maille ris, go Debir; agus do throid na haghuidh: 39 Agus do ghabh í, agus a rígh, agus a caithreacha uile; agus do bhuaileadar íad lé faobhar an chloidhimh, agus do mharbhadar a raibh danmannuibh innte; níor fhág aon béo: mar do rinne sé re Hébron is mar sin do rinne re Debir, agus re na rígh; mar do rinne fós re Libnah, agus re na rígh. 40 ¶ Mar sin do bhuáil Iosua tír na slíabh, agus an taoibh ó dheas, agus na gleánnta, agus na sruth, agus a ríghthe uile: níor fhág neach béo dhíobh, ach do scrios sé uile an mhéid iona raibh anáil, mar do aithin an TIGHEARNA Día Israel. 41 Agus do bhuáil Iosua íad ó Chadesbarnéa go nuige Gása, agus tír Ghosen uile, go nuige Gibeon. 42 Agus do ghabh Iosua na ríghthesin uile agus a ndúithche a néainfheachd, do chionn gur throid an TIGHEARNA Día Israel ar son Israel. 43 Agus do fhill Iosua, agus Israel uile maille ris, don champa go Gilgal. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society