Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:30 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus do thoirbhir an TIGHEARNA í mar an gcéudna, agus a rí, a láimh Israel; agus do bhúail se í lé fáobhar an chloidhimh, agus a raibh danmannuibh inte; níor léig sé áon díobh as dá raibh inte; agus do rinne sé ré na rígh mar do rine re rígh Ierícho.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 Thug an Tiarna í seo ar láimh d'Iosrael chomh maith, í féin agus a rí; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti, gan duine beo a fhágáil inti; agus thugadar an íde chéanna ar a rí agus a thugadar ar rí Ireachó.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:30
12 Tagairtí Cros  

Marsin do mharbh Iehu án mhéid do mhair do thigh Ahab an Iesreel, agus a dhaóine móra uile, agus a luchd gáoil uile, agus a shagairt, go nar fhág sé áon díobh na bheathuigh aige.


Agus go ccláoidhfighear an dúthaigh a lathair an TIGHEARNA: annsin fillfighe fá dheóigh, agus beithí neimhchiontach a lathair an TIGHEARNA, agus a lathair Israel; agus biáidh an fearannsa na sheilbh aguibhsi a lathair an TIGHEARNA.


Agus do sheachuid an TIGHEARNA ar Ndía romhuinn é; agus do bhuáileamar é féin, agus a chlann, agus a dháoine uile.


Agus a nuáir do bhéara an TIGHEARNA do Dhía dhuit íad; buáilfe tú íad, agus scriossuidh tú íad thríd a mach; ní dhéana tú cunradh air bith riú, nó trócaire do thaisbeanadh dhóibh:


¶ Agus an lá céadnasin do ghabh Iosua Macedah, agus do bhúail í le faobhar an chloidhimh, agus a rígh do mharbh sé thríd amach, íad féin, agus a raibh danmannuibh inte; níor léig sé aon díobh as: agus do rinne sé ré rígh Mhacedah mar do rinne re rígh Iericho.


¶ Annsin do ghlúais Iosua ó Mhacedah, agus Israel uile maille ris go Libnah, agus do throid sé a naghaidh Libnah:


¶ Agus do ghluáis Iosua ó Libnah, agus Israel uile maille ris go Lachis, agus do champuigheadar na haghaidh, agus do throideadar na haghaidh:


¶ Agus do ghabh Iosua caithreacha na ríghtheadh sin uile, agus a ríghthe uile, agus do bhuáil íad lé fáobhar au chloidhimh, agus do scrios thrid amach íad, mar do aithin Maóise seirbhíseach an TIGHEARNA.


Rígh Libnah, áon; rígh Adullam, áon;


Agus tárla, a nuáir do chríochnuigheadar Israel dúthchusaigh Ai uile do mharbhadh ann sa mhachaire, san bhfásach mar ar thiomáineadar íad, agus a nuáir do thuiteadar uile le fáobhar an chloidhimh, nó gur sgriosadh uile íad, gur fhilleadar na Hisraelitigh uile go Hái, agus gur bhuáileadar í lé fáobhar an chloidhimh.


Agus do chroch sé righ Aí ré crann go tráthnóna: agus ar ball a ndeachuidh an ghrían faói, do fhúagair Iosua a chorp do leagadh a nuas don chrann, agus a theilgion a ndul a steach gheata na caithreach, agus da thógbhadár cárn mór ós a chionn, noch mhairios gus a niugh.


¶ Achd a nuáir do chúaladar muintir Ghibeon mar do rinne Iosua ré Iericho agus ré Hái,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí