Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Thug an Tiarna í seo ar láimh d'Iosrael chomh maith, í féin agus a rí; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti, gan duine beo a fhágáil inti; agus thugadar an íde chéanna ar a rí agus a thugadar ar rí Ireachó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus do thoirbhir an TIGHEARNA í mar an gcéudna, agus a rí, a láimh Israel; agus do bhúail se í lé fáobhar an chloidhimh, agus a raibh danmannuibh inte; níor léig sé áon díobh as dá raibh inte; agus do rinne sé ré na rígh mar do rine re rígh Ierícho.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:30
12 Tagairtí Cros  

Ansin mharaigh Iéahú gach ar mhair de shliocht Acháb in Izréil, a mhaithe go léir, a dhlúthchairde agus a shagairt, gan duine díobh a fhágáil ina bheatha.


ansin, nuair a bheidh an tír ar a láimh ag an Tiarna, ní miste sibh a fhilleadh; beidh sibh saor ó bhur ndualgas don Tiarna agus do Iosrael; agus beidh an tír seo mar sheilbh oidhreachta agaibh i láthair an Tiarna.


Thug an Tiarna ár nDia ar láimh dúinn é; bhriseamar air féin ar a chlann mhac agus ar a mhuintir go léir.


agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu.


Ghabh Iósua Macaedá an lá céanna agus d'imir sé faobhar claímh ar an gcathair agus ar a rí. Chuir sé iad go léir faoin mbang, agus gach duine beo a bhí inti, gan ligean le haon duine. Thug sé an íde chéanna ar rí Mhacaedá agus a thug ar rí Ireachó.


Ghabh Iósua ar aghaidh ansin ó Mhacaedá go Libneá agus sluaite Iosrael go léir fairis agus d'ionsaigh sé Libneá.


Ghluais Iósua ar aghaidh ó Libneá go Láicís agus sluaite Iosrael go léir fairis; chuir sé léigear uirthi agus d'ionsaigh í.


Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.


rí Libneá, duine; rí Adulám, duine;


Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d'fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d'imríodar faobhar claímh uirthi.


Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d'ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.


Nuair a chuala muintir Ghibeón an íde a thug Iósua ar Ireachó agus ar Háí,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí