Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus tárla, mar do bhádar ag teithiomh roimhe Israel, agus iad ag dul ré fanuidh go Betóron, gur theilg an TIGHEARNA clochá móra a núas ó neamh orra go nuige Asecah, agus gur marbhadh íad: ba mó an mhéid do marbhadh le cloichshneachda dhíobh, ná ar mharbhadar clann Israel leis an ccloidheamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 D'fhear an Tiarna clocha móra sneachta ón spéir anuas sa mhullach orthu agus iad ag teitheadh le fána ó Bhéit Horon ar feadh na slí go hAzaecá, agus mharaigh sin iad; is mó a fuair bás de bharr na gclocha sneachta ná de rinn claímh chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:11
17 Tagairtí Cros  

Ann sin do fhear an TIGHEARNA ar Shodom agus ar Ghomorrah ruibh agus teine ón TIGHEARNA amach as flaitheamhnus;


Oír do scáoileadh ó chéile an cath ar féadh dhroma na tíre uile: agus do shluig an choill nios mó an lásin ná mharbh an cloidheamh.


A ndeachuidh tú a steach a nionnmhusuibh an tsneachda? nó an bhfaca tú tigh ionnmhuis an chloichshneachda,


Noch do thaisgidh misi a ccoinne aimsire na buáidheartha, a ccuinne láe an chatha agus an chogaidh?


Air an cciontach fearfuidh sé paintéur teine, agus ruibh, agus anfadh thinntidhe: budh é so comhroinn a ccupáin.


Teilgidh sé amach a leac oidhre mar ghreamanna: cía fhéadas seasamh ós cuinne a fhúachd?


Féuch, atá áon cúmhachdach láidir ag an Ttighearna, noch atá amhuil cloichshneachda agus amhuil stoirm dhioghbhálach, amhuil tuile uisgeadh neartmhar ag dul tar bhrúach, caithfidh sé síos chum na talmhan leis an láimh íad.


Oír éireochuidh an TIGHEARNA súas amhuil a sliabh Perasim, biáidh sé feargach amhuil do bhí a ngleann Gíbeon, chor go ndéana sé a obair, a obair iongantach; agus go ttiubhra chum críche a ghníomh, a ghniomh iongantach.


Agus do bhéara an TIGHEARNA fa deara a ghuth glórmar do chluinsion, agus foillseochuidh sé tuirling a láimhe a núas, maille re dioghaltas a fheirge, agus lé lasair theineadh scriosta, maille re sgabadh, lé hanfa, agus lé cloichshneachda.


Abair ris an muinntir dhóibealas é lé moirtéul gan súathadh, go ttuitfidh sé: biáidh tuile cheatha; agus tuitfidh sibhse, a chlocha móra cloichshneachda; agus brisfidh gáoth stoirmeamhuil é.


Oír sé bhur TTIGHEARNA Día an té théid libh, do throid re bhur námhuid, da bhur ttártháil.


Agus do hosgladh teampoll Dé ar neamh, agus ba léir áirc a chonnartha ann a theampoll: agus do bhí tinnteach, agus gothanna, agus tóirrneach, agus crioth talmhan, agus cloichshneachda mór ann.


Agus do thuit cloichshneachda mór a núas ó neamh, a gcómhthrom taluinne air dhaóinibh: agus do mhasluigheadar daóine Día tré phláigh an chloichshneachda sin; óir do bhí a phláigh romhór.


Do throideadar ó fhlaitheamhnus; do chathuigheadar na réulta ann a slighthibh a naghaidh Shisera.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí