Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 ¶ Ann sin do labhair Iosua ris an TTIGHEARNA an sa lá thoirbhir an TIGHEARNA na Hámorítigh súas roimhe chloinn Israel, agus a dubhairt sé a radharc Israel, A ghrían, fan ad chomhnuighe ar Ghibeon; agus a ghealaidh, a ngleann Aialon.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: “A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:12
29 Tagairtí Cros  

¶ Agus do chuáidh Abner mhac Ner, agus searbhfhoghantuighidh Isbóset mhic Sauil, amach ó Mhahanaim go Gibeon.


Agus do fhreagair Heseciah, Is ní súarrach don sgáile dul síos deich ccéim: ní headh, achd filleadh an sgáile deich ccéim ar ais.


Agus do éigh Isaiah an fáigh chum an TIGHEARNA: agus rug sé an sgáile deich ccéim ar cúl, ann a ndeachuidh sé síos a ndiail Ahas.


Agus a dubhairt Isaiah, Do gheabha tú an comharthasa ón TTIGHEARNA, go ndéana an TIGHEARNA an ní do labhair sé: an rachaidh an sgáile ar aghaidh deich gcéim, no deich gcéim air ccúl?


Beriah mar an ccéadna, agus Séma, noch ba cinn daithribh áitreabhach Aiialon, noch do dhíbir aítreabhuigh Ghát:


Agus Sórah, agus Aiialon, agus Hébron, noch atá ann Iúdah agus a Mbeniamin caithreacha daingne.


An té noch fhúagras don ghréin, agus ní éirghionn sí, agus shéaluigheas súas na réulta.


Moluidh é, a ghrían agus a ghealach: moluidh é, a uile réulta an tsoluis.


Téid a líne go fóirleathan annsa talamh uile, agus a mbríathra go deireadh an domhuin. Do chuir sé páilliun don ghréin ionnta,


Is duitsi is dúal an la, is leatsa fós a noidhche: dórduigh tú an solus agus an ghrían.


Oír éireochuidh an TIGHEARNA súas amhuil a sliabh Perasim, biáidh sé feargach amhuil do bhí a ngleann Gíbeon, chor go ndéana sé a obair, a obair iongantach; agus go ttiubhra chum críche a ghníomh, a ghniomh iongantach.


Féuch, do bhéara mé a rís sgáile na ccéimionn, do chúaidh síos don ghréin a ccéimibh Ahas, deich ccéime ar a nais. Annsin dfill an ghrían deich ccéime, réir na céimibh lé a ndeachuidh síos.


Ní rachuidh do ghrían faói ní as mó; agus ní sheachona do ghealach í féin: óir isé an TIGHEARNA bhus solus síothbhúan duit, agus críochnochthar láethe do ghubha.


Agus tárla an bhliadhuin chéadna, a ttosach rioghachta Shedeciah rígh Iúdah, annsa cheathramhadh bliadhain, agus annsa chúigeadh mí, gur labhair Hananiah mac Asur an fáigh, noch do bhí do Ghibeon, riomsa a ttigh an TIGHEARNA, a lathair na sagairt agus an phobail uile, gha rádh,


¶ Gidheadh do scrios misi an Tamoríteach rompa, a raibh a áirde cosmhuil le háirde cedair, agus do bhí laidir amhuil na dairghibh; gidheadh do scrios mé a thoradh a núas, agus a fhréamha fáoi.


Agus ttiucfa a ccrích annsa ló sin, a deir an Tighearna DIA, go ttiubhra misi air an ngréin dul faói san meadhon laói, agus do dhéana mé an talamh dorcha san ló ghlan:


Acht atá an TIGHEARNA iona theampall náomhtha: bíodh an talamh uile na thochd dá lathair.


Dfan an ghrían agus an ghealach na seasamh iona háit féin: dimthigheadar fa sholus do shoighead, agus fa loinnir do ghath tonnaigh.


Bíthi bhur ttochd, a uile fhéoil, a lathair an TIGHEARNA: óir atá sé ar na thógbháil súas as a áitreabh náomhtha.


Agus go neachaidh agus gur fhreastaluigh dée eile, agus gur adhraidh íad, an ghrían, no an ghealach, no éinni do shlúagh nimhe, nach ar aithin misi;


Agus deagla go ttóigfeá do shúile súas chum nimhe, a nuáir do chífeá an ghrían, agus an ghealach, agus na réulta, sluágh nímhe uile, go ttáireongtháoi thú chum a nadhartha, agus do dhéanamh serbhíse dhóibh, noch do roinn an TIGHEARNA do Dhía ris a nuile chineadh fáoi neamh uile.


Agus dfan an ghrían na sheasamh, agus do sdad an ghealach, no gur dhioghladar na dáoine íad féin air a námhuidh. Nach bhfuil so scríobhtha a leabhar Iaser? Mar sin dfan an ghrían na sheasamh a lár neimhe, agus nior dheifrigh ar dhul fáoi timchioll laoí iomláin.


Agus Saalabbin, agus Aialon, agus Ietlah,


Aialon gun a cuimínibh, Gatrimmon gun a cuimínibh; ceithre caithreacha.


Agus fuáir Elon an Sebuloniteach bás, agus do haidhlaiceadh é ann Aiialon a ttír Shebulon.


Do throideadar ó fhlaitheamhnus; do chathuigheadar na réulta ann a slighthibh a naghaidh Shisera.


¶ Mar sin do ghoir Samuel ar an TTIGHEARNA; agus do chuir an TIGHEARNA tóirneach agus fearthuinn an lá sin: agus do ghabh eagla mhór an pobal uile roimhe an TTIGHEARNA agus roimhe Shamuel.


¶ Agus do bhuáileadar na Phílistinigh an lá sin ó Mhichmas go Haiialon: agus do bhádar na daoine ro‐lag.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí