Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:13 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus dfan an ghrían na sheasamh, agus do sdad an ghealach, no gur dhioghladar na dáoine íad féin air a námhuidh. Nach bhfuil so scríobhtha a leabhar Iaser? Mar sin dfan an ghrían na sheasamh a lár neimhe, agus nior dheifrigh ar dhul fáoi timchioll laoí iomláin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Agus d'fhan an ghrian socair agus an ghealach ina stad, Nó go raibh díoltas déanta ag an bpobal ar a naimhde. Nach bhfuil seo scríofa i Leabhar na bhFíréan? D'fhan an ghrian ina stad i lár na spéire agus chuir moill ar a dul faoi ar feadh lae iomláin, geall leis.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:13
29 Tagairtí Cros  

Mar an gcéadna daithin sé dhíobh cleachdadh an bhogha do mhunadh do chloinn Iúdah: féuch, atá sé scríobhtha a leabhar Iaser.


Agus do fhreagair Heseciah, Is ní súarrach don sgáile dul síos deich ccéim: ní headh, achd filleadh an sgáile deich ccéim ar ais.


Cóip na scríbhne do thabhairt mar aithne ann gach áon phroibhinnsi dá fhoillsiughadh do nuile phobal, agus go mbéidis na Niúduighe réigh a ccoinne an láe sin dá ndioghuilt féin ar a naimhdibh.


An té noch fhúagras don ghréin, agus ní éirghionn sí, agus shéaluigheas súas na réulta.


Moluidh é, a ghrían agus a ghealach: moluidh é, a uile réulta an tsoluis.


Téid a líne go fóirleathan annsa talamh uile, agus a mbríathra go deireadh an domhuin. Do chuir sé páilliun don ghréin ionnta,


Annsin chlaóidhfighear an ghealach, agus biáidh náire air an ngréin, a nuáir ríghfeas TIGHEARNA na slógh a slíabh Síon, agus ann Ierusalem, agus a bhfíaghnuise a sheanadh go glórmhar.


Féuch, do bhéara mé a rís sgáile na ccéimionn, do chúaidh síos don ghréin a ccéimibh Ahas, deich ccéime ar a nais. Annsin dfill an ghrían deich ccéime, réir na céimibh lé a ndeachuidh síos.


Criothnochuidh an talamh rompa; coimhchreathfuid na neamha: biáidh an ghrían agus an ghealach dorcha, agus coinneochuid na réulta air a ndéalradh:


Fillfighear an ghrían a ndorchadas, agus an ghealach a bhfuil, riomhe an lá mór agus úathbhásach an TIGHEARNA do theacht.


Dorchochthar an ghrían agus an ghealach, agus coinneochuid na réulta air ais a ndéallradh.


Dfan an ghrían agus an ghealach na seasamh iona háit féin: dimthigheadar fa sholus do shoighead, agus fa loinnir do ghath tonnaigh.


Is uime sin a deirthear a leabhruibh eoguidh an TIGHEARNA, Gidh bé rinne sé san muir Ruáidh, agus ag srothuibh Arnon.


Dioghail clann Israel ar na Mídianchuíbh: na dhiáigh sin cruinneochthár chum do dháoine thú.


Ar an mball ndíaigh trioblóide na laitheadh úd bíaidh an ghrían ar ua dhorchughadh, agus ní thiobhra an ghealach a soillsi úaithe, agus tuitfid na réulta ó neamh, agus craithfidhthear subháilcidhe neimhe.


Do chum go mbeith sibh bhur gcloinn ag bhur Nathair féin atá air neamh: óir do bheir seisean fa deara go néirghean a ghrían air na droch dhaoínibh agus air na deagh dhaóinibh, agus do ní sé fearthuinn air na firéunachaibh agus air na neimhfhiréunchuibh.


A né nach déana Diá dioghaltas ar son a dháoine toghtha féin, éimhgheas air do lá agus doidhche, ge atá foighid aige na ttimcheall?


Iompóchar an ghrían a ndorchadas, agus an ghealach a bhfuil, suil thiocfas ab lá mór oirdheirc sin an Tighearna:


Agus tárla, mar do bhádar ag teithiomh roimhe Israel, agus iad ag dul ré fanuidh go Betóron, gur theilg an TIGHEARNA clochá móra a núas ó neamh orra go nuige Asecah, agus gur marbhadh íad: ba mó an mhéid do marbhadh le cloichshneachda dhíobh, ná ar mharbhadar clann Israel leis an ccloidheamh.


Agus ní raibh éanlá ríamh cosmhuil ris sin roimhe nó na dhiáigh, gur éist an TIGHEARNA re guth duine: óir do throid an TIGHEARNA ar son Israel.


Agus ní ríachdanach air an ccathruighse grían, ná gealach dó shoillsiughadh innte: óir do shoillsigh glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.


Agus do éigheadar go ghúth ard, ag rádh, Cá fad bhías tú, a Thighearna, náomhtha fhírinnigh, gan breitheamhnus do bhreith agus dioghaltus do dhéunamh ar son ar bhfolainne ar an druing áitigheas ar an dtalamh?


Agus do fhéuch mé an tan do fhosguil sé an seiseadh séula, agus, féuch, do chríothnuigh an talamh go mór; agus do rinneadh an ghrían cómhdhorcha ré héudach róin, agus do rinneadh an ghealach uile cósmhuil ré fuil;


Agus do shéid an ceathramhadh aingeal a sdoc, agus do buáileadh an treas cuid don ghréin, agus an treas cuid don ghealuidh, agus an treas cuid do na réultuibh; ionnus go ndearnadh an treas cuid diobh dorcha, agus níor dheallruigh an lá an treas cuid de, agus a noidhche mar an gcéudna.


Agus do ghoir Samson ar an TTIGHEARNA, agus a dubhairt sé, A THIGHEARNA Día, guidhim thú, cuimhnigh orum, agus neartuigh mé, a néanuairse amháin a Dhé, iondus go ndéanuinn dioghaltas a neínfeachd ar na Philistineachuibh ar son mo dhá shúl.


Moluighsi an TIGHEARNA, do chionn dioghaltais Israel, á núair do thoirbhriodar na daoine íad féin go toileamhuil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí