Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Agus d'fhan an ghrian socair agus an ghealach ina stad, Nó go raibh díoltas déanta ag an bpobal ar a naimhde. Nach bhfuil seo scríofa i Leabhar na bhFíréan? D'fhan an ghrian ina stad i lár na spéire agus chuir moill ar a dul faoi ar feadh lae iomláin, geall leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus dfan an ghrían na sheasamh, agus do sdad an ghealach, no gur dhioghladar na dáoine íad féin air a námhuidh. Nach bhfuil so scríobhtha a leabhar Iaser? Mar sin dfan an ghrían na sheasamh a lár neimhe, agus nior dheifrigh ar dhul fáoi timchioll laoí iomláin.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:13
29 Tagairtí Cros  

Dúirt sé é a mhúineadh, dá ghruama é, do chlann Iúdá. Féach, tá sé scríofa i Leabhar na bhFiréan. Mar seo a dúirt sé:


“Is furasta don scáth dul deich gcéim i bhfad,” arsa Hiziciá; “téadh sé ar gcúl, más ea, deich gcéim.”


Eisean a thugann ordú don ghrian ionas nach n‑éiríonn sí, Agus a chuireann na réaltaí i bhfolach.


Molaigí é, a ghrian is a ghealach, molaigí é, a réaltaí lonracha!


Ní chluintear caint ná canúint ná briathar


Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian, óir déanfar rí de Thiarna na Slua ar shliabh Shíón in Iarúsailéim agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.


Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.” Agus d'fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos.


Tá an talamh ar crith agus na spéartha suaite rompu; tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú agus na réaltaí ag cailleadh a ngile.


Fanann an ghrian agus an ghealach ina n‑áitreabh ó sholas do shaighead eitilte agus ó loinnir do ghathanna ruithnigh.


Deirtear uime sin i Leabhar Chogaí an Tiarna: ...Váhaeb i Súfá, agus gleannta Arnón,


“Déan clann Iosrael a dhíolt ar na Midiánaigh. Ansin cruinneofar chun do mhuintire thú.”


“Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.


sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir.


Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?


Iompóidh an ghrian ina dorchadas agus an ghealach ina fuil, sula dtiocfaidh lá mór taibhseach an Tiarna.


D'fhear an Tiarna clocha móra sneachta ón spéir anuas sa mhullach orthu agus iad ag teitheadh le fána ó Bhéit Horon ar feadh na slí go hAzaecá, agus mharaigh sin iad; is mó a fuair bás de bharr na gclocha sneachta ná de rinn claímh chlann Iosrael.


Ní raibh lá mar é riamh ná ó shin i leith nuair a ghéill an Tiarna do ghuth duine mar bhí an Tiarna ag troid ar son Iosrael.


Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.


Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”


Nuair a d'oscail sé an séú séala, d'fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil,


Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.


Ghlaoigh Samsón ar an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna Dia, cuimhnigh orm, impím ort; tabhair neart dom arís an uair seo amháin, a Dhia, d'fhonn go ndéanfaí díoltas ar na Filistínigh ar son cinn de mo dhá shúil.”


Scaoil laochra in Iosrael a bhfolt le gaoth Agus tháinig an pobal i láthair le flosc. Molaigí an Tiarna dá bharrsan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí