Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do chlaóidh an TIGHEARNA íad roímhe Israel, agus do mharbh íad re hár mór a Ngibeon, agus do thiomáin íad ar fud na sligheadh théid súas go Betóron, agus do bhúaileadar íad go Asecah, agus go Macedah.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:10
29 Tagairtí Cros  

Agus do chuir sé saighde amach, agus do scaóil ó chéile íad; teinteach, agus do chláoidh sé íad.


Agus do chur Solamh Geser, agus Betoron iochdarach súas,


Annsin do bhúail an TIGHEARNA na Hetiópigh roimhe Asa, agus roimhe Iúdah; agus do theithiodar na Hetiópigh.


¶ Acht na soíghdiúirígh do chuir Amasiah ar a nais, chor nach rachaidis leís chum catha, do thiomáineadar air chaithreachaibh Iúdah, ó Shamáriah air fad go Bet‐óron, agus do bhuáileadar trí mhíle dhíobh, agus rugadar iomarcuigh éadála léo.


Fós, do chaith sé a shoighde, agus do spréidh sé íad; agus do chaith tinnteach, agus do chlaói íad.


Oír ní re na gcloidheamh do ghabhadar oighreachd a nfearuinn, agus ní hí a lámh féin do sháor íad: acht do lámh dheassa, agus do rígh, agus solus haighthe, do bhrígh go raibh tú fabharthach dhóibh.


A nuáir do spréidh an Tuilechumhachdach ríghthe air a sonsa, do bhí sí mar shneachta a Salmon.


Agus do theilg amach rompa na geintighe fós, agus do roinn sé oighreachd dóibh re crannchaír, agus thug air threabhuibh Israel áitriughadh iona nionad suidhe.


Oír éireochuidh an TIGHEARNA súas amhuil a sliabh Perasim, biáidh sé feargach amhuil do bhí a ngleann Gíbeon, chor go ndéana sé a obair, a obair iongantach; agus go ttiubhra chum críche a ghníomh, a ghniomh iongantach.


Agus do bhéara an TIGHEARNA fa deara a ghuth glórmar do chluinsion, agus foillseochuidh sé tuirling a láimhe a núas, maille re dioghaltas a fheirge, agus lé lasair theineadh scriosta, maille re sgabadh, lé hanfa, agus lé cloichshneachda.


A nuáir do throid slúagh rígh na Babilóine a nagháidh Ierusalem, agus a nagháidh uile chaithreacha Iúdah dar mhair, a nagháidh Lachis, agus a nagháidh Asecah: óir do mhaireadar na caithreacha daingnesi do chaithreachaíbh Iúdah.


¶ Annsin rachus an TIGHEARNA amach, agus troidfidh sé a naghaidh na ccineadhachso, amhuil do throid sé a ló an chatha.


Achd do bhéara an TIGHEARNA do Dhía dhuit íad, agus sgriosfuidh sé íad le dioghbhudh móir, no go rabhuid millte.


Agus tárla, mar do bhádar ag teithiomh roimhe Israel, agus iad ag dul ré fanuidh go Betóron, gur theilg an TIGHEARNA clochá móra a núas ó neamh orra go nuige Asecah, agus gur marbhadh íad: ba mó an mhéid do marbhadh le cloichshneachda dhíobh, ná ar mharbhadar clann Israel leis an ccloidheamh.


¶ Agus an lá céadnasin do ghabh Iosua Macedah, agus do bhúail í le faobhar an chloidhimh, agus a rígh do mharbh sé thríd amach, íad féin, agus a raibh danmannuibh inte; níor léig sé aon díobh as: agus do rinne sé ré rígh Mhacedah mar do rinne re rígh Iericho.


Tháinic Iosua ar a nadhbharsin chuca go hobann, agus do chuáidh sé súas ó Ghilgal ansa noidhche,


Agus do thoirbhir an TIGHEARNA a láimh Israel íad, noch do bhuáil íad, agus do mhadhmuigh orra go Sídon mhóir, agus go Misrepot‐maim, agus go gleann Mispeh shoir; agus do bhuáileadar íad, no gur fhágbhadar gan áon béo dhíobh.


Rígh Macedah, áon; rígh Betel, áon;


Iarmut, agus Adullam, Socoh, agus Asecah,


Agus Gederot, Bet‐dagon, agus Nanmat, agus Macedah; sé caithreacha déag gun a mbailtibh:


Agus theíd síos a taobh shíar go cósta na Iaphleteach, go nuige cósta Bhetóron iochtarach, agus go Geser: agus ataíd a ndula amach sin ag an bhfairge,


¶ Agus is marso do bhí teóra chloinne Ephraim do reír a muinntear: eadhon teóra a noighreachda ar an ttáoibh shoir do bé Atarot‐addar, go Betóron uachdarach;


Agus Cibsaim gun a bailtibh, agus Betóron gun a cuimínibh; ceithre caithreacha.


Agus do chlaóidh an TIGHEARNA Sisera, agus a charbuid uile, agus a shlúagh uile, le fáobhar an chloidhimh roimhe Bhárac; ionnus gur thuirling Sisera as a charbad síos, agus gur theith a luas a chos.


Ach do lean Bárac a ndiáigh na gcarbad, agus a ndiaigh an tslóigh, go Haroset na Ngeinteadh: agus do thuit slúagh Shisera uile le fáobhar an cloidhimh; agus níor fágbhadh duine dhiobh.


Do throideadar ó fhlaitheamhnus; do chathuigheadar na réulta ann a slighthibh a naghaidh Shisera.


Agus do iompoigh cuideachda oile ann sa tslighe go Bet‐óron: agus diompoigh cuideachda oile chum a nimil noch fhéachus go gleann Sheboim leath ris an bhfásach.


Anois do chruinnigheadar na Philistinigh a slúagh a cceann a chéile chum catha, agus do cruinnigheadar íad féin a bhfochair a chéile a Sócoh, noch is le Iudah agus do champuigheadar eidír Shócoh agus Hasécah, an Ephes‐dammim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí