Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 ¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Ná heagluighthear thú rompa: óir do sheachuid misi ad laimh íad; ní sheasfa duine dhíobh romhad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:8
16 Tagairtí Cros  

¶ Agus, féuch, tháinig fáigh go Hahab rígh Israel, ghá rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA, an bhfaca tú an tiomad slóigh mhoírsi? féuch, do bhéura misi ad láimh íad a niugh; agus biáidh a fhios agad gur mé an TIGHEARNA.


Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?


Agus a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Ná bíodh eagla ort roimhe: óir do bhéara misi é féin, agus a dháoine uile, agus a dhúthaigh, ad láimh; agus do dhéana tú ris mar do rinne tú ré Sihon righ na Namoríteach, noch do áitribh an Hesbon.


Agus do bhéuruidh sé a ríghthe ann do láimh, agus sgriosfa tú a nainm ó bheith faói neamh: ní thiucfa do dhuine ar bhith seasamh romhad, nó go sgriosfa tú íad.


Agus a dubhairt Iosua riú, Ná húambnuighthear sibh, agus ná bithí imshuíomhach, bíthí láidir agus láinbhéodha: óir is marso do dheana an TIGHEARNA ré bhur naimhdibh uile re a ttroidfigh:


Tháinic Iosua ar a nadhbharsin chuca go hobann, agus do chuáidh sé súas ó Ghilgal ansa noidhche,


¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Ná bíodh eagla ort ar a son súd: óir seachóduigh misi a márach timchioll na huáiresi íad marbh uile as coinne Israel: géarrfuidh tú a nioscada dá neachuibh, agus loiscfidh tú a ccarbuid re teinidh.


Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Na bíodh eagla ort, agus ná húamhnuighear thú: beir leachd na fir coguidh uile, agus éirigh, imthigh súas go Hái: feach, thug misi ad láimh rí Aí, agus a dhaóine, agus a chathair, agus a dhúithche:


Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Is deimhin go mbíaidh misi leachd, agus buáilfidh tú na Mídianuigh amhuil éanduine amháin.


¶ Agus tárla a noidhche sin féin, go ndúbhairt an TIGHEARNA ris, Eirigh, síos, a gcionn an tslóigh; óir thug misi ad láimh é.


Agus biáidh a fhios ag an ccomhchruinniughadh so uile nach lé gath nó lé cloidheamh sháorus an TIGHEARNA: (óir ís leis an TTIGHEARNA an cath,) agus do bhéara sé sibhsi ann ar lámhuibhne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí