Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois táinic a ccrích, a núair do chúaluidh Adonísedec righ Ierusalem mar re ghabh Iosua Ai, agus gur dhíothlaithrigh sé thríd amach í; mar do rinne re Iericho agus re na rígh, marsin do rinne re Hái agus re na righ; agus mar do rinneadar muintir Ghibeon síth ré Israel, agus mar do bhádár na measg;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:1
10 Tagairtí Cros  

Agus tug Melchisedec righ Sálem amach arán agus fión; agus do bé sagart an Dé ro áird é.


Oir an Melchisedecsa rí Shálem, sagart an Dé is áirde, tharrla sé Dábraham ar mbéith dhó ag filleadh air ais ó ár na ríghtheadh, agus do bheannuigh sé é;


Uimesin do chuir Adonisedec rígh Ierusalem fios go Hoham righ Hebron, agus go Píram rígh Iarmut, agus go Iophia rígh Lachis, agus go Debir rígh Eglon, gha rádh,


Agus do scriosadar go huilidhe an mhéid do bhí sa gcathruigh, idir fhior agus mhnáoi, óg agus shean, dhamh, agus chaoirigh, agus assal, lé fáobhar an chloidhimh.


Agus do dhéana tú ré Hái agus re na rígh, mar do rinne tú ré Iericho agus re na rígh: amháim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuidhe mar chreich chugaibh féin: cuir luigheachan duit ar an ccathruigh táobh shíar dhí.


Agus a nuáir do chonnairc Iosua agus Israel uile gur ghabh an luidheachán an chathair, agus gur éirigh deatach na caithreach súas, annsin do fhilleadar a rís, agus do mharbhadar muintir Ai.


¶ Achd a nuáir do chúaladar muintir Ghibeon mar do rinne Iosua ré Iericho agus ré Hái,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí