Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:27 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus do rinne Iosua an lá sin geárrthóiridh connuigh dhíobh agus tairngtheóiridh uisge don chomhchruinniughadh, agus daltóir an TIGHEARNA, gus an niugh, annsa náit do thoighfeadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Ach ón lá sin amach rinne Iósua giollaí brosna agus uisce díobh don chomhthionól agus chuir de cheangal orthu, go dtí an lá atá inniu ann, freastal ar altóir an Tiarna cibé ball ba rogha leis.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:27
9 Tagairtí Cros  

Agus géarrfuimne adhmad as Lebanon, an mhéid bhus uireasbuidh ort: agus béaram linn na sláoduibh íad air an bhfairge go Ioppa, agus béara túsa as sin go Hierusalem íad,


Agus tóg áirdchíos don TIGHEARNA ón luchd coguidh do chuáidh amach chum an chatha: éananam as cúig chéad, do na dáoinibh, agus do na buáibh, agus do na hassalaibh, agus do na cáorchuibh:


Agus do leath chloinne Israel, buáinfe tú éanchuid ronna do cháogad, do na dáoinibh, do na buáibh, do na hassaluibh, agus do na tréaduibh, do na huile short áirnéisi, agus tabhair íad do na Lebhitibh, noch choimhéadas cúram thabernacuil an TIGHEARNA.


Don leathso chloinne Israel, do thóg Maóisi éanchuid ronna do cháogad, idir dhuine agus bheathach, agus tug íad do na Lebhitibh, noch do choimhéid cúram thabernacuil an TIGHEARNA; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.


Ann sin biáidh ionad noch thoighfeas an TIGHEARNA bhur Ndía do thabhairt fa deara a ainm do aitreabh ann; chum a nionaid sin do bheurthaoi gach uile ní dá naithnighimsi dháoibh; bhur nófrala loiscthe, agus bhur níochbartha, agus bhur ndeachmhadha, agus ofrála togtha bhur lámh, agus bhur móide uile noch do mhóideabhair don TIGHEARNA:


Achd annsa náit thoighfeas an TIGHEARNA a naon dá bhur ttreabhuibh, ann sin ofrailfios tú hofráil loisge, agus ann sin do dhéana tú gach a naithnighimsi dhíot.


Ach chum na háite thoighfeas an TIGHEARNA bhur Ndía amach as bhur ttreabhuibh uile do chur a anma ann, eadhon dá ionad chomhnuighe iarrfuidhesi dul, agus is ann thiocfuidhe:


Agus a dubhradar na prionnsuidhe ríu, Léigfidh dhóibh marthuinn; ach bidís na mbuainteoruibh connuigh agus na ttairrngeoruibh uisge don chomhchruinniughadh uile; mar do ghealladar na prionnsuidhe dhóibh.


Agus do rinne sé mar sin riú, agus do sháor as láimh chlainne Israel íad, nar mharbhadar íad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí