Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 Ach ón lá sin amach rinne Iósua giollaí brosna agus uisce díobh don chomhthionól agus chuir de cheangal orthu, go dtí an lá atá inniu ann, freastal ar altóir an Tiarna cibé ball ba rogha leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus do rinne Iosua an lá sin geárrthóiridh connuigh dhíobh agus tairngtheóiridh uisge don chomhchruinniughadh, agus daltóir an TIGHEARNA, gus an niugh, annsa náit do thoighfeadh sé.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:27
9 Tagairtí Cros  

Rinne Solamh áireamh ar na daoine deoranta go léir a raibh cónaí orthu i dtír Iosrael de réir an daonáirimh a rinne Dáiví a athair orthu. Ba é an líon a fuarthas ná céad agus caoga trí mhíle sé chéad.


Cuir i leataobh mar chuid ranna don Tiarna as roinn na muintire a chuaigh amach ag troid san fheachtas, ceann as gach cúig céad cime agus damh agus asal agus caora.


As an leath atá ag dul do chlann Iosrael tóg ceann as gach caoga cime, agus damh, agus asal agus caora agus ainmhí ar bith eile, agus tabhair iad do na Léivítigh ar a bhfuil cúram thaibearnacal an Tiarna.”


As an leath seo, cion chlann Iosrael, thóg Maois ceann as gach caoga cime agus ainmhí, agus thug iad do na Léivítigh ar a raibh cúram thaibearnacal an Tiarna, de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.


Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.


ná hofráil d'íobairtí uileloiscthe agus ná comhlíon a n‑ordaím duit ach amháin san áit a thoghfaidh an Tiarna i gceann de do threibheanna.


ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.


Agus lean na ceannairí orthu: “Déanaigí anacal orthu, agus bídís ina ngiollaí brosna agus uisce ag an gcomhthionól go léir.” Rinne an comhthionól rud ar na ceannairí.


Sé a rinne sé leo ná iad a shaoradh ó lámha chlann Iosrael; agus níor mharaíodar iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí