Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Ar a nádhbharsin do chruinnigheadar cúig ríghthe na Namoriteach íad féin a cceann a cheile, rígh Ierusalem, rígh Hebron, rígh Iarmut, rígh Lachis, rígh Eglon, agus do chúadar súas, iad féin agus a slóigh uíle, agus do chomhnuigheádar a naghuidh Gibeon, agus do rinneadar cogadh na haghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:5
8 Tagairtí Cros  

Ach san cheathramhadh geinealach tiocfaid siad annso a rís; óir ní bhfuil éigceart na Namoriteach iomlán fós.


A nuáir do throid slúagh rígh na Babilóine a nagháidh Ierusalem, agus a nagháidh uile chaithreacha Iúdah dar mhair, a nagháidh Lachis, agus a nagháidh Asecah: óir do mhaireadar na caithreacha daingnesi do chaithreachaíbh Iúdah.


Aítreabhuid na Hamelecitigh annsa bhfearann táobh ó dheas: agus na Hititigh, agus na Iebusítigh, agus na Hamorítigh, áitreabhas ar a tsliabh: águs na Canaanitigh áitrebhas láimh ris an bhfairge, agus láimh ré leithimeal Iordáin.


¶ Ach do theithiodar na cúig righthesi, agus do dfoluigheadar íad féin a núamhuigh ag Macedah.


¶ Agus do chuireadar muintir Ghibeon fios chum Iosua don champa go Gilgal, gá rádh, Ná mainneachdnuigh do lámh ód sherbhíseachuibh; tárr chuguinn tráth, agus sáor sinn, agus tárthuigh sinn: oir atáid na ríghthe nan Amoriteach áitreabhus air na sléibhtibh uile ar ccruinniughadh ar naghuidh.


Agus na caithreacha do bheanadar na Philistinigh do Israel do haisigeadh Dísrael íad, ó Ecron go nuige Gát; agus a ccóstadha sin do bhuáin Israel as lámhuibh na Bhphilistineach. Agus do bhí síothcháin idir Israel agus na Hamoritigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí