Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 ¶ Agus do chuireadar muintir Ghibeon fios chum Iosua don champa go Gilgal, gá rádh, Ná mainneachdnuigh do lámh ód sherbhíseachuibh; tárr chuguinn tráth, agus sáor sinn, agus tárthuigh sinn: oir atáid na ríghthe nan Amoriteach áitreabhus air na sléibhtibh uile ar ccruinniughadh ar naghuidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:6
14 Tagairtí Cros  

Ann sin do chuir sí díalláoid ar assal, agus a dubhairt ré na hóglach, Tarruing, agus gluáis romhuinn; ná failligh do mharcuigheachd ar mo shonsa, muna nabra mé ríot é.


Atáid Ierusalem na sléibhte na timchioll; agus is amhluigh atá an TIGHEARNA a timchioll a dhaóine ó núairsi agus go síorruidhe.


Oír isé an TIGHEARNA ar mbreitheamh, isé an TIGHEARNA tabharthach ar ndlighe, isé an TIGHEARNA ar rígh; cuimhdeochuidh sé sinn.


Aítreabhuid na Hamelecitigh annsa bhfearann táobh ó dheas: agus na Hititigh, agus na Iebusítigh, agus na Hamorítigh, áitreabhas ar a tsliabh: águs na Canaanitigh áitrebhas láimh ris an bhfairge, agus láimh ré leithimeal Iordáin.


Agus an tan do éirigh Muire ann sna laéthibh sin, do chúaidh sí go dheíthneasach chois sléibhe, go cathraigh Iúda;


Annsin do ghlac mé togha bhur ttreabh, dáoine críonna, agus aitheanta, agus do rinneas cinn díobh ós bhur gcionnsa, caiptínigh ós cionn mhílteadh, agus caiptínigh ós cionn chéud, agus caiptínigh ós cionn cháogad, agus caiptínigh ós cionn deithneamhair, agus óifigidh a measc bhur ttreabh.


Ar a nádhbharsin do chruinnigheadar cúig ríghthe na Namoriteach íad féin a cceann a cheile, rígh Ierusalem, rígh Hebron, rígh Iarmut, rígh Lachis, rígh Eglon, agus do chúadar súas, iad féin agus a slóigh uíle, agus do chomhnuigheádar a naghuidh Gibeon, agus do rinneadar cogadh na haghaidh.


Annsin do chuáidh Iosua súas ó Ghilgal, é féin, agus a luchd coguidh uile ná fhochair, agus na gaisgidh neartmhara uile.


Agus tugadar dhóibh cathair Arbah athair Anac, (noch ar bí an chathair sin Hébron), a slíabh Iúdah, gun a bailtibh na timchioll fa gcuáirt.


¶ Agus do champuigheadar clann Israel a Ngilgal, agus do coímhéadadar án cháisg ar an cceathramhadh lá déag don mhí um nóin a reiteach Iericho.


Agus do rinne Iosua síth ríu, agus do rinne ceangal ríu, léigion dóibh marthuinn: agus tugadar prionnsuidhe an chomhchruinnigh mionna dhóibh.


Agus do chúadar go Iosua don nfoslungphort a Ngilgal, agus a dubhradar ris, agus re fearuibh Israel, Tangamar as tír imchéin: a nois uime sin déanuidhsi síth rinn.


Agus a dubhradarsan re Iosua, As seírbhísigh dhuit sinn. Agus a dubhairt Iosua ríusan, Cía sibh? agus cáit as a ttangabhair?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí