Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 ¶ Agus do chuireadar muintir Ghibeon fios chum Iosua don champa go Gilgal, gá rádh, Ná mainneachdnuigh do lámh ód sherbhíseachuibh; tárr chuguinn tráth, agus sáor sinn, agus tárthuigh sinn: oir atáid na ríghthe nan Amoriteach áitreabhus air na sléibhtibh uile ar ccruinniughadh ar naghuidh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:6
14 Tagairtí Cros  

Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: “Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.”


Ar nós na gcnoc is na sléibhte thart timpeall Iarúsailéim, bíonn an Tiarna thart ar a phobal, anois agus choíche.


Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir, is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir,


Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”


Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d'imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá,


Roghnaigh mé ar an gcuma sin daoibh ceannairí treibheanna, lucht tuisceana agus taithí, agus chuir mé i gceannas oraibh iad - ceannairí mílte, ceannairí céadta, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr, agus scríobhaithe do bhur dtreibheanna.


Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.


Ghabh Iósua féin suas ó Ghilgeál dá réir sin, agus a lucht cogaidh go léir fairis, agus na gaiscígh go léir.


Thugadar dóibh Ciriat Arba (Arba athair Anac), Heabrón is é sin, in ardáin Iúdá, agus an talamh féaraigh ina thimpeall.


Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó.


Rinne Iósua síocháin agus conradh leo ag dul i mbannaí lena n‑anam, agus dhaingnigh an pobal é sin faoi bhrí na mionn.


Chuadar go Iósua sa champa i nGilgeál agus dúradar leis-sean agus le muintir Iosrael: “Thángamar ón gcoigríoch; déanaigí conradh linn más eá.”


“Seirbhísigh duitse sinn,” ar siad le Iósua. “Agus cé hé sibh féin?” arsa Iósua, “agus cad as daoibh?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí