Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:33 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 ¶ Annsin thainic Horam rígh Geser súas do chongnamh le Lachis; agus do bhuáil Iosua é féin agus a mhuintir, no gur fhág gan eanduine béo é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:33
11 Tagairtí Cros  

Agus do rinne Dáibhi sin, mar do aithin an TIGHEARNA dhe; agus do bhúail sé na Philistinigh ó Ghéba nó go ttí tú go Gáser.


¶ Agus tárla na dhiáighso, gur éirigh cogadh ann Géser ris na Philistínibh; annsa namsin Sibbechai an Hussatíteach do mharbh sé Sippai, noch do bhí do chloinn a naithigh: agus do claóidheadh íad.


Agus thugadar dhóibh, do na caithreacha dídin, Sechem a slíabh Ephraim gun a mionbhailtibh; agus fós Geser gun a mionbhailtibh,


Agus do sheachuid an TIGHEARNA Lachis a láimh Israel, noch do ghabh í an dara lá, agus do bhuail í le fáobhar an chloidhimh, agus a raibh danmannuibh inte, do réir a nuile neithe do rinneadar re Libnah.


¶ Agus do ghluáis Iosua ó Lachis go Heglon, agus Israel uile maille rís; agus do shuigheadar a ccampa re na huchd, agus do throideadar na haghuidh:


Rígh Eglon, áon; rígh Geser, áon;


¶ Agus níor dhíbir siad amach na Cananítigh do chomhnuigh a Ngéser: achd do áitreabhadar na Cananítigh a measc na Nephraimíteach gus a niugh, agus foghnuid faoi áirdchíos dóibh.


Agus theíd síos a taobh shíar go cósta na Iaphleteach, go nuige cósta Bhetóron iochtarach, agus go Geser: agus ataíd a ndula amach sin ag an bhfairge,


Oir thugadar Sechem dóibh gun a cuimínibh a slíabh Ephraim, do bheith na cathruigh dídin ag an marbhthóir; agus Géser gun a cuimínibh,


¶ Mar an ccéadna nior chuir Ephraim amach na Canaanítigh noch do áitreibh ann Géser; achd do áithreabhadair na Canaanítigh an Gesér na meascsan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí