Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:33 - An Bíobla Naofa 1981

33 Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 ¶ Annsin thainic Horam rígh Geser súas do chongnamh le Lachis; agus do bhuáil Iosua é féin agus a mhuintir, no gur fhág gan eanduine béo é.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:33
11 Tagairtí Cros  

Rinne Dáiví mar a d'ordaigh an Tiarna dó; chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go Bealach Gheizir.


Ina dhiaidh sin, bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh i nGeizir. Sin é an uair a mharaigh Suibeacai an Huiseátach Suipí, de shliocht na Rafáím. Cloíodh na Filistínigh.


Agus thug an Tiarna Láicís ar láimh d'Iosrael agus ghabhadar í ar an dara lá; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti mar a rinneadar le Libneá.


Ghluais Iósua ar aghaidh agus sluaite Iosrael go léir fairis ó Láicís go hEaglón; chuireadar léigear uirthi agus d'ionsaíodar í.


rí Eaglón, duine; rí Gheizir, duine;


Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.


Síos léi ansin agus siar go teorainn na nIaflaetach chomh fada le críocha Bhéit Horon íochtaraigh, ansin go Geizir agus go ceann scríbe ag an bhfarraige.


Tugadh dóibh Seicim, an chathair thearmainn don mharfóir, lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, agus Geizir lena thalamh féaraigh,


Ná níor dhíbir Eafráim na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir, ach mhair na Canánaigh i nGeizir ina measc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí