Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:19 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Ach ná fanuighsi, leanuidh a ndiaigh bhur námhad, agus búailidh a ndeireadh; ná léigidh dhóibh dul a steach da gcaithreachuibh: óir do thoirbhir bhur TTIGHEARNA Día ann bhur lamhuibh íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:19
8 Tagairtí Cros  

Os a chionn sin, má theid sé a steach a ccathruigh, annsin do bhéara Israel uile rópadha leó chum na caithreachsin, agus tairreongam í chum na habhann, ionnus nach bía cloch bheag ar fagháil ann.


Agus a dubhairt Dáibhi ré Abisai, A nois do dhéana Seba mhac Bichri niosmó do dhochar dhúinn nó do rinne Absolon: beir leachd thusa mumntir do thíghearna, agus lean é, deagla go bhfuigheadh sé caithreacha daingne dhó féin, agus go nimtheochaidh mar sin uáinn.


Go madh malluighthe an té do ní oibreacha an TIGHEARNA go meabhlach, agus go madh malluighthe an té choinneochus a chloidheamh ar ais ó fhuil.


Cred fa a bhfanmaóid ar suighe? cruinnighidh sibh féin, agus déanam a steach annsna caithreachaibh daingne, agus bímid ar ttochd annsin: óir do chuir an TIGHEARNA ar Ndía ar tochd sinn, agus thug sé uisge domblois dúinn re ól, do bhrígh gur pheacuigheamar a naghaidh an TIGHEARNA.


Agus a dubhairt Iosua, Iompóidh clocha móra ar bhéul na húamha, agus cuirigh dáoine láimh ría dhá ccoimhéad:


Agus tárla, a núair do chriochnuigh Iosua agus clann Israel a marbhadh lé hár ro mhór, nó gur sgriosadh íad, go ndeachadar an mhéid do mhair díobh a steach a gcaithreachaibh daingne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí