Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Ach ná fanuighsi, leanuidh a ndiaigh bhur námhad, agus búailidh a ndeireadh; ná léigidh dhóibh dul a steach da gcaithreachuibh: óir do thoirbhir bhur TTIGHEARNA Día ann bhur lamhuibh íad.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:19
8 Tagairtí Cros  

Má theitheann sé isteach i gcathair, tabharfaidh Iosrael go léir téada chun na cathrach sin agus déanfaimid í a tharraingt isteach sa ghleann go dtí nach mbeidh oiread agus púróg di le fáil.”


Ansin dúirt Dáiví le hAibísí: “Is mó is baol dúinn Seaba mac Bhicrí ná Aibseálóm riamh; beir leat lucht cosanta do thiarna agus téigh sa tóir air le heagla go mbainfeadh sé amach cathracha daingne agus éalú uainn.”


(“Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!)


Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.


“Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi.


Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí