Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad:
Lúcás 8:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ar seisean, “Is daoibhse a deonaíodh fios rúndiamhra ríocht Dé; ach níl sin le fáil ag an gcuid eile acu ach go fáithchiallach, ionas go bhfeice siad gan a fheiceáil, agus go gcluine siad gan a thuiscint. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Is díbh-se a tugadh eolas a bheith agaibh ar rúindiamhra ríoghacht Dé, acht do’n chuid eile i bhfuirm fáithscéal, ionnas, ar fheiceáil dóibh, nach bhfeiceadh siad, agus ar chluinstin dóibh, nach dtuigeadh siad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seisean, Is dáoibhsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daithniughadh: achd do chách eile a ccosamhlachduibh; ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaicdís, agus ag cluinsin dóibh nach dtuigfidís. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se rúndiamhar rígheachta Dé a dh’aithint; do’n chuid eile, ámhthach, i bhfuirm soluídí, i dtreó go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’ An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’ |
Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad:
Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Is aoibhinn duit, a Shíomóin mhic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’fhoillsigh duit é, acht m’Athair‐se atá ar neamh.
Agus adubhairt sé leo, Tugadh eolas daoibh‐se ar rúin‐diamhraibh ríoghachta Dé: acht dóibh‐sean atá amuigh, déantar gach nidh i samhlaoidibh:
ionnas, ag féachain dóibh, go ndearcfaidís agus nach bhfeicfidís; agus ag éisteacht dóibh, go n‐éistfidís agus nach dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóchaidís, agus go maithfidhe a bpeacaidhe dhóibh.
Do dhall sé a súile, agus chruadhuigh sé a gcroidhe; Ionnas nach bhfeicfidís le n‐a súilibh, ná nach dtuigfidís le n‐a gcroidhe, Agus nach gcasfaidís, Agus nach leigheasfainn iad.
Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó sibh do dhaingniú do réir mo shoiscéil‐se, agus do réir seanmóireachta Íosa Críost, do réir foillsighthe na rúndiamhaire do cóngbhuigheadh fá cheilt leis na ciantaibh,
acht is é an t‐aon Spiorad amháin do‐ghní na neithe sin uile, g‐á roinnt ar gach duine do réir mar is toil leis féin é.
chum go neartóchar a gcroidheacha, chum go ndlúthóchar iad le chéile i ngrádh, agus go mbéidh gach saidhbhreas aca maidir le lán‐dearbhthacht tuigseana, chum go bhfaighidh siad eolas ar rúindiamhair Dé, is é sin Críost,
Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.