1 Corantaigh 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois is dtaobh tíodhlaicthe spioradálta, a bhráithre, níorbh áil liom sibh bheith gan eolas. 2 Is eol daoibh an tráth ’n‐a rabhabhar ’n‐bhur bpágánachaibh, gur cuireadh sibh amugha ar lorg na h‐íodhal mbalbh, do réir mar treoruigheadh sibh. 3 D’á bhrigh sin do‐bheirim le tuigsin daoibh nach n‐abrann aon duine, Atá Íosa malluighthe, agus é ag labhairt le Spiorad Dé; agus nach bhféadann aon duine, Is é Íosa an Tighearna, a rádh, acht tríd an Spiorad Naomh. 4 Anois atá tíodhlaicthe éagsamhla ann, acht ní fhuil acht aon Spiorad amháin ann. 5 Agus atá miniostrálachta éagsamhla ann, acht ní fhuil acht aon Tighearna amháin ann. 6 Agus atá oibreacha éagsamhla ann, acht ní fhuil ann acht an t‐aon Dia amháin do‐ghní an uile nidh san uile dhuine. 7 Acht tugtar foillsiú an Spioraid do gach duine chum tairbhe i gcoitchinne. 8 Óir tugtar briathar na h‐eagna tríd an Spiorad do dhuine amháin; agus tugtar briathar an eolais do dhuine eile tríd an Spiorad céadna: 9 do dhuine eile creideamh tríd an Spiorad céadna; do dhuine eile buaidh an leighis tríd an Spiorad céadna; 10 do dhuine eile buaidh na míorbhal, do dhuine eile fáidheadóireacht, do dhuine eile buaidh na spiorad do bhreathnú; do dhuine eile teangthacha éagsamhla; do dhuine eile buaidh na dteangthach do mhíniú; 11 acht is é an t‐aon Spiorad amháin do‐ghní na neithe sin uile, g‐á roinnt ar gach duine do réir mar is toil leis féin é. 12 Óir, fá mar is aon nidh amháin an corp, agus a lán ball ann, agus, gidh go bhfuil a lán ball ann, nach bhfuil ionnta acht aon chorp amháin; mar sin do Chríost é. 13 Óir i n‐aon Spiorad amháin is eadh do baisteadh sinn chum aon chorp amháin do dhéanamh, is cuma cia aca lúdaigh nó Gréagaigh sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad amháin. 14 Óir ní h‐aon bhall amháin, acht mórán atá san chorp. 15 Dá n‐abradh an chos, De bhrigh nach mise an lámh, ní cuid de’n chorp mé; ara shon sin an é nach ball de’n chorp í? 16 Agus dá n‐abradh an chluas, De bhrigh nach mise an tsúil, nach cuid de’n chorp í ar a shon sin? 17 Dá mba súil an corp uile, cá mbéadh an éisteacht? Dá mba nach raibh san gcorp uile acht éisteacht, cá mbéadh an bholathaidheacht? 18 Acht is amhlaidh do chuir Dia na baill san gcorp, gach ball díobh do réir a thola féin. 19 Dá mb’ amhlaidh nach raibh ionnta ach aon bhall amháin, cá mbéadh an corp? 20 Acht is amhlaidh atá a lán ball ann gan acht aon chorp amháin bheith ann. 21 Agus ní féidir leis an súil a rádh leis an láimh, Ní fhuil feidhm agam leat‐sa; ná leis an gceann a rádh leis na cosaibh, Ní fhuil feidhm agam libh‐se. 22 Ní h‐eadh, acht na baill de’n chorp is laige, do réir, deallraimh, 23 is iad is riachtanaighe: agus na baill de’n chorp is lugha onóir, do réir ár dtuairime, is iad is mó go dtugaimíd onóir dóibh; agus na baill againn is lugha maise, is iad is mó bhíos d’á maiseadh againn, 24 acht ní theastuigheann sin ó na ballaibh is maiseamhla. Acht is é Dia do chóimhcheangail an corp le chéile, ag tabhairt na h‐onóra is mó do’n bhall sin go bhfuil gábhadh aige léi, 25 chum nach mbéadh aon deaghailt san gcorp, acht go dtiubhradh na baill aon chúram amháin d’á chéile. 26 Agus má fhulaingeann ball ar bith, fulaingeann gach aon bhall eile i n‐éinfheacht leis; nó má tugtar onóir do bhall ar bith, bíonn bród ar gach ball eile i n‐éinfheacht leis. 27 Anois is sibh‐se corp Chríost, agus gach duine ’n‐a bhall ar leith. 28 Agus do cheap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáidhí, san treas áit lucht teagaisc, lucht déanta míorbhal annsin, buaidh an leighis ’n‐a dhiaidh sin, buaidh na cabhrach, buaidh an riartha, buaidh na dteangthach. 29 An abstail iad uile? An faidhí iad uile? 30 An oidí iad uile? An bhfuil buaidh an leighis aca uile? An labhrann siad uile as teangthachaibh? 31 An ndéanann siad uile míniú? Acht sanntuighidh lé díoghrais na tíodhlaicthe is fearr. Agus anois nochtfad slighe dhaoibh atá níos fearr go mór. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society