1 Tiomóid 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Is inchreidthe an focal, má loirgeann duine cúram easbuic, go loirgeann sé obair mhaith. 2 Uime sin ní foláir do’n easboc bheith gan locht, bheith pósta le mnaoi amháin, bheith measardha, staidéartha, déighbhéasach, fáilteach; ullamh chum teagasc do thabhairt, 3 gan bheith tugtha do’n fhíon, gan bheith bruigheantach; 4 acht bheith ceannsa, síothchánta, gan sainnt: bheith ’n‐a dhuine riaghluigheas a theaghlach féin go maith, agus go bhfuil a chlann féin fá smacht le stuaim aige; 5 óir munab eol do dhuine cionnas a theaghlach féin do riaghlú, cionnas ghlacfaidh sé cúram eaglaise Dé air féin? 6 Ba cheart dó gan bheith ’n‐a nua‐chreidmheach, ar eagla, ar mbeith lán d’uabhar dó, go dtuitfeadh sé fá bhreitheamhnas an diabhail. 7 Thairis sin, ní folair deagh‐theist bheith ag na daoinibh atá amuigh air; ar eagla go dtuitfeadh sé i scannal agus i ndol an diabhail. 8 Ar an gcuma chéadna ní foláir do na deochanaibh bheith stuamdha, gan teanga‐liom‐leat bheith aca, gan bheith tugtha do mhórán fíona, gan bheith sanntach i ndroch‐éadáil; 9 ag coimheád rúindiamhaire an chreidimh i gcoinsias glan. 10 Agus déantar tastáil ortha‐san ar dtús, leis; ’na dhiaidh sin, má táid gan locht, déanaidís seirbhís mar dheochanaibh. 11 Agus ar an gcuma chéadna, ní foláir do na mnáibh bheith stuamdha, gan bheith bíodánach, acht bheith macánta, dílis san uile nidh. 12 Bíodh na deochain pósta le mnaoi amháin, ag riaghlú a gclainne agus a dteaghlaigh féin go maith. 13 Óir na daoine do‐ghní seirbhís mhaith mar dheochanaibh, do‐geibh siad céim mhaith dhóibh féin, mar aon le dánacht mór san gcreideamh atá i nÍosa Críost. 14 Atáim ag scríobhadh na neithe seo chugat, agus mé ag súil le teacht chugat go luath; 15 acht má ghním moill, chum go dtuigidh tú cionnas ba cheart duit thú féin d’iomchar i dteaghlach Dé, is é sin eaglaif Dé bhí, colamhan agus crann cosanta na fírinne. 16 Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society